Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh lena iniúchadh ar an teip leanúnach arb éard é nach bhfuil an córas Éircóid á fheidhmiú de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla

29 Nov 2022, 16:38

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 30 Samhain 2022, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘An Fhoráil Dhlíthiúil: Go n-úsáidtear Logainmneacha Gaeilge amháin ar Logainmneacha na Gaeltachta’.


Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Beidh ionadaithe ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, ón mBrainse Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, os comhair an Chomhchoiste chun an cheist seo a phlé leis.

 

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: -

Tá mo Chomhchoiste tar éis féachaint ar an ábhar seo níos luaithe sa bhliain ag ár gcruinniú ar an 2 Márta 2022. Ní bhfuaireamar freagraí sásúla ar an bhfadhb seo ag an gcruinniú sin, agus ní bhfuaireamar réiteach ar an bhfadhb ach oiread. Fós, tá an dlí á shárú i dtaobh úsáid logainmneacha Béarla i gceantair Ghaeltachta, agus mar sin, tá orainn dul ar ais chuig an ábhar seo agus é a phlé arís.

Táimid ag iarraidh a fháil amach cá as a bhfuil na logainmneacha Béarla i gcomhair cheantair Ghaeltachta ag teacht, agus cé air atá an fhreagracht go bhfuil siad á soláthar mar chuid den chóras Éircóid. Go dtí seo, níl aon eagraíocht sásta a rá leis an gComhchoiste go mbaineann an fhreagracht sin léi, agus níl an cur chuige seo inghlactha dúinn. Chomh maith leis sin, ní ghlacann an Comhchoiste leis an argóint nach bhfuil rogha ag ‘An Post’, ach leagan dátheangach de logainmneacha a úsáid i gcomhair na gceantar Gaeltachta. Is sárú ar Acht na dTeangacha aon chur chuige mar sin ag aon Chomhlacht Poiblí, agus níl sé sin inghlactha don Chomhchoiste.

Sa dara seisiún den chruinniú amárach, beidh an Comhchoiste ag déanamh a bhreithnithe ar an ábhar ‘Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus cur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí in 2022’, agus beidh an Coimisinéir Teanga – Rónán Ó Domhnaill Uasal, ag an gcruinniú chun é sin a phlé linn.

 

Dúirt an Cathaoirleach: -

Ó bunaíodh Comhchoiste na Gaeilge siar in 2016, oibrímid go dlúth le hOifig an Choimisinéara Teanga, agus táimid an-bhuíoch don Choimisinéir féin agus dá chomhghleacaithe as an obair iontach atá déanta acu thar na blianta, agus as an gcúnamh leanúnach a thugann siad dúinn in ár gcuid oibre féin. Dá réir sin, agus an bhliain seo ag teacht chun deireadh, is oiriúnach dúinn an cruinniú seo, agus tabharfaidh sé deis dúinn féachaint siar ar dhul chun cinn na Gaeilge sa bhliain atá beagnach thart agus féachaint ar aghaidh i dtreo dul chun cinn na Gaeilge sa bhliain 2023.

 

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ina gComhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

 

Is féidir leis an bpobal an cruinniú, a bheidh ar siúl i Seomra Coiste 4, a fheiceáil beo ar Theilifís an Oireachtais. Chomh maith leis sin, is féidir leis an bpobal imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar fheidhmchlár gutháin chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share