Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh labhairt le hAire Sinsearach na Gaeltachta, An Teachta Dála Catherine Martin

21 Feb 2023, 16:59

Ag a gcruinniú inné, an 16 Feabhra 2023, chomhaontaigh comhaltaí Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go raibh siad an-mhíshásta go raibh an chuma ar an scéal nach raibh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Dála Catherine Martin toilteanach teacht os comhair an Chomhchoiste, cé gurb ise an tAire Gaeltachta sinsearacha, gur uirthi atá an príomhchúram maidir leis an airgead a chuirtear ar fáil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, agus go bhfuil an Comhchoiste ag iarraidh buiséad TG4 a phlé léi.

Thug an Comhchoiste dá aire na cuirí a bhí tugtha aige don Aire labhairt leis le linn na Dála / an tSeanaid seo, agus na freagraí a thug nó, den chuid is mó, nár thug an tAire ar na cuirí sin.

 

Ar an 27 Nollaig 2020, thug an Comhchoiste cuireadh don Aire labhairt leis ar an ábhar ‘Cúrsaí eacnamaíochta, teanga, cultúir, oideachais, forbartha pobail, agus fóillíochta sa Ghaeltacht agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020’. Níor ghlac an tAire leis an gcuireadh sin agus d’iarr an Comhchoiste uirthi dáta eile a roghnú. Ní bhfuair an Comhchoiste aon fhreagra ón Aire ar an gcuireadh sin.


Ar an 20 Aibreán 2021, thug an Comhchoiste cuireadh don Aire labhairt ar an ábhar ‘Craoltóireacht na Gaeilge’. Ghlac an tAire leis an gcuireadh sin agus d’fhreastail sí ar chruinniú den Chomhchoiste ar an 21 Bealtaine 2021.


Ar an 4 Deireadh Fómhair 2021, thug an Comhchoiste cuireadh don Aire labhairt ar an ábhar ‘Leithdháileadh airgeadais a Roinne, chomh fada is a bhaineann an leithdháileadh airgeadais sin leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus le Pobal Labhartha na Gaeilge, don bhliain 2022’ ar dháta oscailte (9 Samhain 2021, 11 Samhain 2021, 18 Samhain 2021, 25 Samhain 2021, nó 2 Nollaig 2021). Sheol an Comhchoiste ceithre mheabhrúchán chuig an Aire ina leith ach ní bhfuair sé aon fhreagra ón Aire ar an gcuireadh ná ar na meabhrúcháin a sheol sé chuici.


Ar an 9 Samhain 2022, thug an Comhchoiste cuireadh don Aire labhairt ar na hábhair ‘(1) Buiséad 2023; (2) Buiséad TG4; agus (3) An gá atá ann ‘Samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn, agus an tacaíocht agus an córas riaracháin cuí a chur i gcrích láithreach, chun an cuspóir uasal seo a thosú agus a chur i gcrích taobh istigh de 20 bliain’.

Thug an Comhchoiste dhá mheabhrúchán don Aire. Ní bhfuair sé aon fhreagra ón Aire ar an gcuireadh ná ar na meabhrúcháin a sheol sé chuici. Rinne Cléireach an Choiste teagmháil ghutháin le Rúnaí Príobháideach an Aire ina thaobh ar an 3 Samhain 2022, agus cuireadh in iúl don Chomhchoiste nach mbeadh an tAire ag freastal ar an gcruinniú ar an 9 Samhain 2022. Dheimhnigh an tAire é sin i ríomhphost ar an 4 Samhain 2023. Dá dheasca sin, chuir an Comhchoiste an cruinniú ar an 9 Samhain 2022 ar ceal.


Is nós parlaiminteach seanbhunaithe é go dtagann Airí sinsearacha os comhair Coistí éagsúla de Thithe an Oireachtais go rialta. Sa chomhthéacs parlaiminteach sin, tá an Comhchoiste ag iarraidh ábhair atá tábhachtach do phobal na Gaeilge a phlé leis an Aire sinsearach a bhfuil an phríomhfhreagracht i leith na Gaeilge agus phobal na Gaeilge faoina cúram. Cuireann sé iontas ar an gComhchoiste nach bhfuil an tAire toilteanach obair an Chomhchoiste a éascú, díreach mar a dhéanann Airí sinsearacha eile i leith Coistí ábhartha eile de chuid Thithe an Oireachtais.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ina gComhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

 

Top
Share