Skip to main content
Normal View

Foilsíonn Comhchoiste tuarascáil ar an gComhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála agus an tionchar a bheadh aige ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge

22 Feb 2023, 12:30

‘Teastaíonn reifreann sula nglacfar le CETA’ – impleachtaí a bheadh ag an gComhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais i bhfoirm tuarascála ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.


Inniu, leag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuarascáil os comhair Thithe an Oireachtais ar an gComhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála agus an tionchar a bheadh aige ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Ag eascairt ó chuid de chinntí na Cúirte Uachtaraí i mí na Nollag 2022, tugadh le fios go bhféadfadh an Comhaontas a bheith ag déanamh sárú ar chumhachta eisiacha reachtacha an Oireachtais. Ní ar cheist na bunreachtúlachta atá an tuarascáil seo dírithe ach ar an gcaoi a mbeadh tionchar ag an gComhaontas seo ar nithe a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus le Pobal Labhartha na Gaeilge. Mar sin féin, luíonn sé le réasún go gcomhlíonfaimid ár ndualgas mar reachtóirí agus go ndéanfaimid scagadh, imscrúdú agus anailís, mar ba chóir, ar impleachtaí an Chomhaontais seo ar leas phobal labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta”.

“Dealraíonn sé go bhfágfaí an Ghaeilge i mbaol dá dtiocfadh an Comhaontas seo i bhfeidhm ina iomláine toisc nach mbeadh sí ar comhchéim le teangacha eile an Aontais Eorpaigh ó thaobh soláthar seirbhísí aistriúcháin, ateangaireachta agus cáipéisí de. Anuas air sin, níor tháinig an Comhchoiste ar fhianaise ar bith a léirigh gur rinneadh iarracht díolúine chultúrtha a lorg i gcás earraí agus seirbhísí na Gaeltachta agus dar ndóigh, tá an cheist maidir leis an gCóras Binse Infheistíochta ina údar achrainn go fóill”.

“Arís, thar ceann an Chomhchoiste, iarrfaimid ar na hAirí cuí tuilleadh machnaimh, taighde agus fiosrúcháin a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis an gComhaontas seo sula dtiocfadh an Comhaontas féin i bhfeidhm”.

“Thar aon ní eile, i measc na moltaí ar chomhaontaigh an Comhchoiste orthu, leagtar amach go mba chóir toil an phobail a lorg i reifreann sula nglacfar leis an gComhaontas ina iomláine”.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ina gComhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir leis an bpobal cruinnithe an Chomhchoiste, a bhíonn ar siúl i Seomra Coiste 4 go hiondúil, a fheiceáil beo ar Theilifís an Oireachtais. Chomh maith leis sin, is féidir leis an bpobal imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar fheidhmchlár gutháin chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Top
Share