Skip to main content
Normal View

Imscrúdú á dhéanamh ag Comhchoiste na Gaeilge ar na Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht

21 Mar 2023, 16:45

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 22 Márta 2023 déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge  imscrúdú ar na riachtanais bailithe agus cóireála fuíolluisce atá ag sráidbhailte agus lonnaíochtaí sa Ghaeltacht nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí fuíolluisce poiblí le gairid.

Beidh ionadaithe thar cheann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag freastal ar an gcruinniú chun cúnamh a thabhairt don Chomhchoiste ina imscrúdú.

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Leanann an cruinniú seo ar aghaidh ón gcruinniú a bhí ag an gComhchoiste ar an 15 Feabhra 2023, nuair a phléamar an t-ábhar seo le hionadaithe thar ceann Fhorbairt Chonamara Láir Teo. Ag an gcruinniú sin léiríodh dúinn roinnt lochtanna agus easpaí sa chóras fuíolluisce mar atá sé faoi láthair sna ceantair Ghaeltachta, agus na deacrachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus pobail atá ann dá bharr sin. 

“Is cuid lárnach agus bunriachtanach den bhonneagar in aon cheantair tuaithe seirbhísí fuíolluisce poiblí atá feidhmiúil, cothrom le dáta agus inchurtha leis na seirbhísí céanna atá ar fáil in áiteanna eile. Is fíor sin, i gcás áiteanna cosúil le Conamara ina bhfuilimid ag iarraidh líon an phobail a choimeád seasmhach agus ag fás. Mar sin, tá súil agam go mbeimid in ann fios fátha na faidhbe in iomlán a aimsiú amárach, chomh maith le réiteach na faidhbe freisin, más féidir.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share