Skip to main content
Normal View

Múnlú ár dTodhchaí Dhátheangach á phlé ag Comhchoiste na Gaeilge

28 Mar 2023, 17:00

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 29 Márta 2023 beidh na hábhair ‘Ag Múnlú ár dTodhchaí Dhátheangaigh’ agus ‘Cumas agus Toilteanas Fhondúireacht Eolaíochta Éireann seirbhís phoiblí dhátheangach iomlán a chur ar fáil go réamhghníomhach dá custaiméirí’ á bplé ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Beidh ionadaithe ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann ag roinnt a saineolais ar na hábhair seo ar Comhaltaí an Chomhchoiste.Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an eolaíocht agus forbairt na heolaíochta ina gcuid lárnach den tsochaí nua-aoiseach, agus mar sin, tá an-suim ag an gComhchoiste cloisteáil faoin obair atá á déanamh ag an bhFondúireacht le blianta anuas.

“Tá sé riachtanach go bhfuil an obair seo agus faisnéis ar an obair seo, ar fáil go héasca do Phobal na Gaeilge, ionas gur féidir leo idirghabháil a dhéanamh leis an earnáil seo, cuidiú a thabhairt di agus feidhm ghníomhach a bheith aige léi, ina dteanga féin.

“Is cuid lárnach do normalú na Gaeilge go bhfuil an Fhondúireacht agus eagraíochtaí eile cosúil léi ag feidhmiú go dátheangach agus go bhfuil an tacaíocht atá de dhíth ag na heagraíochtaí seo, chun é sin a dhéanamh, curtha ar fáil dóibh.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share