Skip to main content
Normal View

Tuairimí Iar-Chathaoirligh Údarás na Gaeltachta, agus guth ionadaithe na bpobal áitiúil le héisteacht ag Comhchoiste na Gaeilge faoi Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022

16 May 2023, 17:45

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 17 Bealtaine 2023, leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar a ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022’

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 2, TL 2000, Teach Laighean. Beidh dhá sheisiún den chruinniú seo ar siúl:

  • I Seisiún 1, labhróidh an Comhchoiste le beirt iar-Chathaoireach ar Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, Uasal, agus Micheál Ó hÉanaigh, Uasal.
  • I Seisiún 2, beidh ionadaithe thar ceann Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Fhorbairt na Dromoda Teo agus Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo ag plé na ceiste seo leis an gComhchoiste.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is deis tábhachtach an cruinniú seo don Chomhchoiste tuairimí iar-Chathaoirligh an Údaráis a éisteacht agus a chur san áireamh ina ghrinnscrúdú reatha ar Cheannteidil an Bhille seo. Tá an-mheas ag an gComhchoiste ar an méid a chuir an bheirt seo i gcrích agus iad i mbun a ndualgas mar Chathaoirligh réamhghníomhacha roimhe seo, agus tá súil againn go rachaidh an Seisiún seo chun leasa na gceannteideal atá faoi ghrinnscrúdú againn.

“Tá tábhacht ar leith ag baint leis an dara Seisiún chomh maith. Ní féidir leis an gComhchoiste a ghrinnscrúdú a dhéanamh i gceart gan éisteacht chúramach a thabhairt do na Comharchumainn agus do na heagraíochtaí éagsúla. Is iad siúd atá ag feidhmiú ar an láthair féin, sa Ghaeltacht féin. Is iad siúd a bhfuil an fhaisnéis áitiúil acu agus a bhfuil a fhios acu cad atá de dhíth ar na pobail áitiúla maidir le hionadaíocht dhaonlathach agus riachtanais forbartha.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share