20 Jun 2023, 16:30
Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 21 Meitheamh 2023, déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a bhreithniú ar an ábhar ‘Na seirbhísí uisce agus séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta’. Beidh ionadaíocht ó Uisce Éireann ag freastal ar an gcruinniú seo.
Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 2, TL 2000, Teach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá seirbhísí uisce agus séarachais lárnach do inmharthanacht gach uile phobal agus ní aon eisceacht é pobal na Gaeilge. Tá caighdeán na seirbhísí atá ar fáil sa Ghaeltacht ina chúis imní agus mhí-shásaimh le roinnt blianta anuas agus is mar sin a bheidh an Comhchoiste ag plé an ábhair seo le ionadaithe ó Uisce Éireann amárach. Tá súil agam go mbeidh muid in ann na deacrachtaí atá ann a aimsiú agus réiteach a fháil ar na deacrachtaí sin.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews