Skip to main content
Normal View

Tábhacht na Gaeilge i gComhthéacs Idirnáisiúnta á Plé ag Comhchoiste na Gaeilge

27 Jun 2023, 15:00

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 28 Meitheamh 2023, breithneoidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na ar an ábhar ‘Na Teagmhála agus Idirghníomhaíochtaí Éagsúla a bhíonn ar siúl idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus cainteoirí agus eagrais Ghaeilge thar lear, agus an tacaíocht a thugann an Roinn dóibh’.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 2, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is teanga idirnáisiúnta agus nua-aoiseach í an Ghaeilge, teanga a bhfuil meas ar fud an domhain agus go mórmhór ar fud na hEorpa uirthi. Bíonn an Ghaeilge á múineadh agus suim mhór ag gnáthdhaoine inti, ní amháin i measc Éireannaigh atá ina gcónaí i dtíortha thar lear, ach i measc an phobail dhúchasaigh in iliomad tíortha. Is suaitheantas ar leith í an Ghaeilge de chuid chultúr agus fhéiniúlacht na hÉireann. Tá sí ar cheann de na teanga is ársa i gcultúr stairiúil na hEorpa, agus meallann sí cuairteoirí – turasoirí, teangeolaithe, saineolaithe liteartha agus staraithe ina measc – chun na tíre seo gach bliain.

“Ach in ainneoin luach eacnamaíoch mór na Gaeilge don tír seo, is é príomhluach na teanga agus an luach doláimhsithe dúinne, sa chomhthéacs idirnáisiúnta, gur dearbhú idirnáisiúnta í gur tír agus pobal ar leith sinn. I bhfianaise an mhéid sin, agus gan dearmad a dhéanamh ar luach eacnamaíoch na teanga ach oiread, tá dualgas ar an Stát a chinntiú go dtugtar gach tacaíocht, cúnamh agus aitheantas, go leanúnach agus go leordhóthanach, d’earnáil na Gaeilge in aon tír ina bhfuil suim léirithe inti, idir Ghael is Ghall, ó Cheanada go dtí an Astráil nó ó Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí Poblacht na Seice.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share