28 Jun 2023, 14:50
Beidh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ar an 29 agus an 30 Meitheamh 2023. Beidh na Teachtaí Dála Caitríona Ní Chonghaile agus Aengus Ó Snodaigh, agus an Seanadóir Rónán Ó Maoláin ag glacadh páirt sa toscaireacht.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is é príomhaidhm na toscaireachta seo cúinsí, stádas agus beocht na Gaeilge sa cheantar Gaeltachta seo a fheiceáil, guth na ndaoine agus na heagraíochtaí áitiúla a chloisteáil, agus aon chúnamh ar féidir le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a thabhairt don phobal áitiúil a thabhairt dó.
“Beidh suim ag an gComhchoiste cúrsaí pleanála teanga, cúrsaí óige, oideachais, fostaíochta, tithíochta, agus fóillíochta agus aon nithe ábhartha eile, a phlé le hionadaithe áitiúla, agus é in Uíbh Ráthach. Beidh suim ar leith ag an gComhchoiste i ngníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta agus a chomhlachtaí sa limistéar, agus mar sin, beidh cuairt á tabhairt againn ar roinnt díobh. Agus buailfidh na Comhaltaí den Chomhchoiste le hionadaithe ó Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chathair Saidhbhín.
“Mar Chomhaltaí an Chomhchoiste, is deis iontach dúinn é seo féachaint ar na hullmhúcháin agus na socruithe atá á gcur i bhfeidhm sa bhaile sin i gcomhair na seirbhísí poiblí dátheangacha a bheidh ar fáil do mhuintir Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus do chainteoirí Gaeilge Chathair Saidhbhín féin.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ina gComhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews