Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge sa tóir ar Sheirbhísí atá Iomlán Dátheangach ó na Ranna Stáit agus ó na Comhlachtaí Poiblí

4 Jul 2023, 15:30

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 5 Iúil 2023, tiocfaidh ionadaithe thar ceann na Ranna seo a leanas – Comhshaol, Aeráid agus Cumarsáid; Forbairt; Tuath agus Pobal; Iompar; agus Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige – os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an t-ábhar 'Inniúlacht na Roinne seirbhís iomlán dhátheangach a sholáthar go réamhghníomhach dá custaiméirí uile, agus na céimeanna réamhghníomhacha atá nó a bheidh curtha i gcrích ag an Roinn chun an tseirbhís sin a chur ar fáil’ a phlé leis.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tar éis daingniúcháin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021, agus i bhfianaise an dualgais atá ar gach Roinn Rialtais agus ar gach Comhlacht Poiblí seirbhís iomlán dhátheangach a chur ar fáil don phobal, is mian leis an gComhchoiste a bhreithniú ar na céimeanna réamhghníomhacha atá agus a bheidh curtha i gcrích ag na Ranna seo, chun an aidhm ‘seirbhís iomlán dhátheangach a sholáthar’ a bhaint amach.

“Is mian linn cloisteáil uathu faoin tslí a ndéanfaidh siad a chinntiú go mbeidh leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge labhartha agus sa Ghaeilge scríofa (Gaeilge fheidhmiúil) ag a bhfoireann a bheidh ard go leor chun an aidhm sin a chomhlíonadh. Ina theannta sin, is mian linn cloisteáil faoin tslí a ndéanfaidh siad a chinntiú, maidir le daoine úra a bhíonn á n-earcú acu, go gcomhlíonann siad, a luaithe is féidir agus nach déanaí ná 2030 ar aghaidh, an fhóráil san Acht go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% ar a laghad díobh.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share