Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh go mbeidh comhlachtaí poiblí réamhghníomhach, agus seirbhísí poiblí dátheangacha á soláthar don phobal acu

21 Nov 2023, 15:30

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 22 Samhain 2023, tiocfaidh ionadaithe thar ceann an  Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun labhairt faoin obair reatha agus ar an gcur chun cinn atá déanta aige go dtí seo i gcomhthéacs thiomantas an Rialtais seirbhísí poiblí dátheangacha a mhéadú agus a chur ar fáil do phobal na hÉireann.

Tionólfar an cruinniú seo i Seomra Coiste 4, TL 2000, tráthnóna Dé Céadaoin ag 13:30.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Cé go dtuigeann an Comhchoiste go bhfuil dualgas ar an Rialtas go mbeidh 20% d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí ina bhfostaithe dátheangacha a mbeidh Gaeilge agus Béarla feidhmeach acu, tá an Comhchoiste ag iarraidh go gcinnteoidh an Coiste Comhairleach:

“Go mbeidh an 20% sin ionadaíoch agus gurb ann dó ag gach grád agus i ngach Comhlacht Poiblí fud fad na seirbhíse poiblí;

“Go mbeidh an 20% sin ionadaíoch agus gurb ann dó i soláthar gach seirbhíse poiblí a bhfuil ar fáil don phobal, comhlachtaí poiblí eile ina measc;

“Go gcuirfear beartas i bhfeidhm, fud fad na gcomhlachtaí poiblí, ina gcuirfear dualgas réamhghníomhach ar na fostaithe dátheangacha, seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil go hoscailte, agus go mbeidh dualgas ar na comhlachtaí poiblí na seirbhísí dátheangacha atá á soláthar acu a fhógairt go réamhghníomhach don phobal.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí ar  

Anuas air sin, pléifidh Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge na Meastacháin Fhorlíontacha le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023 ar Chlár C 'Gaeltacht' de Vóta 33 na Roinne leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán – an Teachta Dála Catherine Martin, agus le hAire Stáit na Gaeltachta – an Teachta Dála Patrick O'Donovan. Pléifear Buiséad TG4 le linn an chruinnithe seo freisin.

Tionólfar cruinniú an Roghchoiste i Seomra Coiste 2, TL 2000, maidin Déardaoin, an 23 Samhain 2023 ag 09:30.

Tá naonúr Comhaltaí de chuid Dháil Éireann mar Chomhaltaí ar Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Dháil Éireann.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil orthu ar ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share