Skip to main content
Normal View

Toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, ag tabhairt cúirte ar Ghaeltacht Acla

22 Nov 2023, 15:00

Amárach agus arú amárach, 23 agus 24 Samhain 2023, beidh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Thithe an Oireachtais i nGaeltacht Acla agus i mbun cainte leis an bpobal áitiúil agus a ionadaithe.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá súil againn bualadh leis na hionadaithe áitiúla agus na dúshláin agus na deiseanna atá os a gcomhair a phlé leo. Beidh muid ag féachaint ar an mbonneagar áitiúil agus ar chúrsaí oideachais agus fostaíochta sa cheantar. Beidh muid ag bualadh le múinteoirí, daoine a bhfuil cúram leanaí orthu agus fostóirí áitiúla.

“Beidh cainteanna againn le hionadaithe Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, maidir le caighdeán na seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil don phobal áitiúil (uisce, fuíolluisce, dramhaíl, tithíocht, bóithre, srl), agus na seirbhísí sin atá ar fáil ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo go dátheangach.

“Beidh cruinniú againn le Údarás na Gaeltachta agus le hionadaithe ó Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla, agus tá súil againn cúirt a thabhairt ar cheann de na comhlachtaí a thagann faoi scáth an Údaráis, ionas gur féidir linn tionchar na hinfheistíochta atá á déanamh ar chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar.

“Faoi dheireadh, beidh cruinniú poiblí againn leis an bpobal áitiúil, ina phléfimid cúrsaí Gaeilge, seirbhísí áitiúla, bóithre, soláthar uisce, tithíocht agus  sláinte leis. Beidh an cruinniú poiblí seo ar siúl idir 16.00 agus 18.00 ar an Aoine, 24 Samhain 2023 san Ionad Gteic de chuid Údarás na Gaeltachta i nGob an Choire, Co. Mhaigh Eo, F28 DH68.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share