Skip to main content
Normal View

Aithníonn Comhchoiste na Gaeilge an nasc láidir idir a chuid oibre féin agus obair thábhachtach an Choimisinéara Teanga

14 Dec 2023, 12:45

Ag a chruinniú inné, Dé Céadaoin, an 13 Nollaig 2023, chuir Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge fearadh na fáilte roimh Séamas Ó Concheanainn, a tháinig os comhair an Chomhchoiste de chéad uair ina cháil mar an Coimisinéir Teanga nuacheaptha.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá Séamas ag obair in Oifig an Choimisinéara Teanga le fada an lá, agus ba mhór an cúnamh a thug sé dúinn inár gcuid oibre ar feadh na mblianta. Tá an post seo lántuillte aige agus táim ag súil go mbeimid ag obair as lámha a chéile ar son na Gaeilge agus ar son phobal na Gaeilge sna blianta amach romhainn.

“Aithníonn an Comhchoiste an tsárobair atá ar siúl ag an gCoimisinéir Teanga, lá i ndiaidh lae – faoi mar a rinne a bheirt réamhtheachtaithe a tháinig roimhe: Seán Ó Cuirreáin agus Rónán Ó Domhnaill. Aithnímid an dlúthcheangal atá idir an obair sin ach go háirithe i gcomhthéacs obair an Chomhchoiste féin agus muid araon ag iarraidh stádas na Gaeilge a fhíor mar phríomhtheanga na hÉireann.

“Bíonn an chuma ar an scéal go bhfuilimid ag snámh in aghaidh easa uaireanta ach is léir dúinn, mar sin féin, go bhfuil ghnáthphobal na hÉireann – sa Ghaeltacht agus san iarGhaeltacht araon – ar aon intinn linn agus iad ag iarraidh gach deis a thapú an Ghaeilge a úsáid a oiread agus is féidir ach go mbeidh na deiseanna cuí ann amhlaidh a dhéanamh agus iad ag plé le hinstitiúidí agus comhlachtaí poiblí an Stáit.

“Mar Chathaoirleach an Chomhchoiste agus i ndlúthpháirtíocht leis an gCoimisinéir Teanga nua, tá súil agam go mbeimid in ann linn an uaillmhian uasal seo a éascú agus a fhíorú do phobal na hÉireann idir seo agus 2030.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share