Skip to main content
Normal View

Clár Oibre i leith na bliana 2024 á fhoilsiú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

10 Jan 2024, 12:45

D’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an Clár Oibre i leith na bliana 2024.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:  “Tá áthas orm go bhfuil Clár Oibre éifeachtach i leith na bliana seo chugainn socraithe ag Comhaltaí an Chomhchoiste – tá súil agam go gcuirfear i gcrích go réamhghníomhach é. Le linn dúinn comhaontú a dhéanamh ar an gClár Oibre seo, bhíomar meabhrach ar na dúshláin atá ós comhair phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fud fad na tíre. I measc na rudaí is tábhachtaí ar a mbeimid ag díriú, tá:

  • “Na fadbhanna ar leith atá ann i leith mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna – an easpa scolaíochta lán-Ghaeilge atá ar fáil timpeall na tíre, córas na ndíolúintí nach bhfuil oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis, agus an córas T1 agus T2 nach bhfuil ciall dá laghad ag baint leis mar atá sé leagtha amach i láthair na huaire.
  • “An géarghá atá ann dul i ngleic leis an easpa tithíochta atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta.
  • “An deis a thabhairt do dhaoine agus do thuismitheoirí óga fanacht sa Ghaeltacht agus slí bheatha a bheith ar fáil dóibh.
  • “Na deiseanna atá ann an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chur os comhair phobal na hÉireann trí í a dhéanamh i bhfad níos feiceálaí agus níos lárnaí ar na meáin chumarsáide.”

Chomh maith leis na hábhair sin, tá súil againn go mbeidh deis againn féachaint ar ábhair éagsúla eile, agus is féidir leis an bpobal ábhar Chlár Oibre 2024 a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share