Skip to main content
Normal View

Daltaí Iar-Bhunscoile ag leagan tuairimí ar ábhair éagsúla faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta

5 Mar 2024, 15:00

Amárach, Dé Céadaoin, an 6 Márta 2024, beidh daltaí iar-bhunscoile ag labhairt os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar na hábhair seo a leanas:

  • Neodracht na hÉireann – Cuspóir Polaitíochta Reatha nó Prionsabal Neamh- Inchoimhthithe?
  • An bhfuil an Córas Oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis?
  • Sainmhíniú ar an tSochaí Uilechuimsitheach

Beidh an cruinniú seo ar siúli Seomra Coiste 4 ag 14:00, áit a mbeidh daltaí iar-bhunscoile i láthair ó na scoileanna seo a leanas:

  • Coláiste Áth a’ Chóiste i gContae Chorcaí
  • Coláiste Pobail Osraí i gContae Chill Chainnigh
  • Gaelcholáiste an Chláir i gContae an Chláir
  • Meánscoil Gharman i gContae Loch Garman

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Ó 2012 i leith, táimid tar éis deis a thabhairt do dhaltaí iar-bhunscoile ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa chóras daonlathach agus parlaiminteach gach bliain. Is iontach an deis í tuairimí na chéad glúine eile a chloisteáil agus a chur ar an taifead. Anuas air sin, is deis iontach í do na daltaí í a labhairt go hoscailte thar ceann a glúine féin.

“Tá an Comhchoiste tar éis labhairt le daltaí ó 19 chontae éagsúla go dtí seo, 2024 san áireamh: An Clár, An Dún, Aontroim, Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Ciarraí, Cill Dara, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Corcaigh, Doire, Dún na nGall, Gaillimh, Loch Garman, Luimneach, Maigh Eo, Muineachán, Port Láirge agus Tír Eoghain. Tá súil againn cuireadh a thabhairt do dhaltaí iar-bhunscoile sna 13 chontae eile sna blianta amach romhainn.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Seomra Coiste 4 beo ar Oireachtas TV.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share