Skip to main content
Normal View

Beidh Comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Gaeltachta nua Moltaí an Chomhchoiste i leith Scríbhneoireacht, Fhoilsitheoireacht, agus Léitheoireacht na Gaeilge a chur i bhfeidhm

21 May 2024, 15:45

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 15 Bealtaine 2024, pléifidh Comhchoiste na  Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge a thuarascáil chuimsitheach ‘Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge Samhain 2023’ le Aire nua na Gaeltachta.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4, TL2000, Teach Laighean ag 13:30 go 16:30.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá 110 moladh déanta againn mar Chomhchoiste a chuirfidh beocht agus fuinneamh breise san earnáil seo má chuirtear i bhfeidhm iad. Is earnáil í seo atá lárnach do chur chun cinn na Gaeilge, agus atá lárnach dár bhféinmhuinín agus dár bhféinaitheantas mar tír agus cultúr neamhspleách ar leith. Agus chomh tábhachtach leis na huaillmhianacha seo is earnáil í Scríbhneoireacht, Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge atá an-bhrabúsach dár ngeilleagar náisiúnta.

“Is earnáil í ina bhfuil daoine ag obair go lán-aimseartha agus go páirt-aimseartha fud fad na tíre agus is earnáil í ina bhfuil féidearthachtaí móra ann i leith tuilleadh fáis agus forbartha, ach an tacaíocht cheart a fháil ón Rialtas agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is mian linn, mar Chomhchoiste, an tacaíocht sin a phlé leis an Aire ag ár gcruinniú amárach.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. 

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 4 ar Teilifís an Oireachtais

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android. 

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share