Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Nov 1930

Vol. 36 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oibreacha Leasuighthe.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh an feasach do nach bhfuil tabhartais airgid ar bith le fagháil fá choinne oibreacha leasuighthe — bealaigh mhóra, droichid, díogacha, etc.—ar dteacht do na dúithchíbh talaimh faoi sheilbh Coimisiúin an Talaimh: agus an feasach don Aire go bhfuil míshásamh mór leis an riaghail seo go háithrid san Ghaeltacht; agus an dtabhairfidh an tAire geallstan an dlighe athrughadh sa chruth go dtig tabhartais airgid a chaitheamh ar na dúithchíbh seo i ndiaidh seilbh bheith ag Coimisiún an Talaimh ortha.

Ní heol do Choimisiún na Talmhan aon Riaghail den tsort dá ndeanann an Teachta tagairt do bheith ann. Tá comhacht aca fé Achtanna na Talmhan airgead do chaitheamh chun tailte a cheannaigh siad d'fheabhsú agus ní ceaptar gur gá aon atharú do dhéanamh ar an dlí ná ar an nós atá ann fé láthair. Le seacht mbliana, do chaith Coimisiún na Talmhan £60,621 (Trí scór míle, sé chead agus aon phunt fhichead) ar oibreacha feabhasuithe i gContae Dhún na nGall amhain.

Top
Share