Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Apr 1933

Vol. 47 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas d'Amharclann na Mainistreach.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid cia mhéad airgid atá lucht stiúrtha Amharclann na Mainistreach a fhághail mar dheontas ón Rialtais i gcóir na bliadhna; an bhfuil fhios aige go rabh Eireannaigh san Oileán Ur mío-shásta ar fad fá'n chineál dráma a bhí 'ghá léiriú aca ins na Státaibh ar na mallaibh; nach dtig leis an Rialtas smacht a chongbháil ar lucht na hAmharclainne maidir leis an sórt drámaí leiríonn siad; agus nár bhfearr an deontas a thabhairt le haghaidh drámaidheachta sa Ghaedhilg a chur 'un tosaigh.

Sé méid an Deontais atá le tabhairt d'Amharclainn na Mainistreach de réir Meastachán na bliana seo ná seacht gcéad go leith púnt (£750).

Is col dom go ndearna lucht Chumann Gaolach áirithe agus daoine eile ins na Stáit Aontuithe, go ndearnadar gearán i dtaoibh roinnt des na drámaí do léirigh Aisteóirí Amharclann na Mainistreach le linn dóibh bheith ar a gcuaird thall in Aimeirice le déanaighe. Ní féidir leis an Rialtas aon chur isteach a dhéanamh go díreach ar an lucht stiúrtha maidir leis an saghas drámaí a léireochar. Táthar tar éis an sgéal a chur fé bhráid an lucht stiúrtha, ámh, agus má téightear chun Aimeirice arís ar chuaird táthar ag súilnach ndéanfar drámaí do léiriú ann den tsaghas go ndearnadh gearán 'na dtaoibh an turas seo.

Maidir leis an gcuid deiridh de'n cheist, ní mheasann an Rialtas go mba chóir an t-athrú go ndeineann an Teachta tagairt do a chur i bhfeidhm. Fé mar is eol do'n Teachta, tá deontas dá thabhairt cheana i gcóir drámuíochta sa Ghaedhilg.

Top
Share