Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Feb 1943

Vol. 89 No. 5

Committee on Finance. - Vote 51—National Gallery.

Tairgim:—

Go ndeontar suim breise ná ragthaidh thar £204 chun íochta an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1943, chun Tuarastail agus Costaisí an Ghailerí Náisiúta, maraon le Deontas-i-gCabhair.

That a supplementary sum not exceeding £204 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1943, for the Salaries and Expenses of the National Gallery, including a Grant-in-Aid.

Tá £154 ag teastáil faoi Fho-Mhír A. £75 den méid sin, teastuíonn sé le haghaidh an bhreis-bhónus atá iníoctha le Stát-Sheirbhísigh ón 30adh lá den Mheitheamh seo chuaidh thart, agus teastuíonn £36 de le haghaidh an bhreis-bhónus do thosuigh ar an ladh lá de Eannar seo chuaidh thart. An chuid eile dhe (£43), tá sé ag teastáil le haghaidh £1 sa seachtain d' allúntas speisialta don fhreastalaidhe atá i bhfeidhil roinnt áirithe de phictiúirí luachmhara do tugadh ón nGailerí Náisiúnta le na dtaisciú in áit níos sábháilte go mbídh deireadh leis an gcogadh: £43 do 43 seachtaine.

Chun na pictiúirí sin d'aistriú ón nGailerí do caitheadh £126, agus, ar an abhar sin, is riachtanach £50 de shuim bhreise do Vótáil le haghaidh na ngnáth-chostas faoi Fho-Mhír D.

Vote put and agreed to.
Top
Share