Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Feb 1944

Vol. 92 No. 10

Committee on Finance. - Vote 26—Universities and Colleges.

Tairgim:—

Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £70,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1944, chun Deontaisí d'Ollscoileanna agus do Choláistí (8 Edw. 7, c. 38; Uimh. 42 de 1923; Uimh. 32 de 1926; Uimh. 35 de 1929; agus Uimh. 27 de 1934), ar a n-áirmhítear Deontaisí áirithe i gCabhair.

That a supplementary sum not exceeding £70,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1944, for Grants to Universities and Colleges (8 Edw. 7, c. 38; No. 42 of 1923; No. 32 of 1926; No. 35 of 1929; and No. 27 of 1934), including certain Grants-in-Aid.

Anuas go dtí an bhliain 1926 do híocadh gach bliain le Coláiste na hIolscoile, Baile Atha Cliath, amach as airgead an Stáit deontas reachtúil de £32,000 agus deontaisí neamh-reachtúla de £20,000. Fén Acht um Oideachas Phríomh-scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926, do méaduíodh an deontas reachtúil go dtí £82,000 agus do bronnadh deontas speisialta de £25,000 ar an gColáiste chun fiacha do ghlanadh no chun aon chrícheanna capitiúla eile. Tarraingeadh siar ag an am gcéanna na deontaisí neamh-reachtúla. Fén Acht céanna gheibheann an Coláiste gach bliain pé suim, nach mó ná £24,984, a cheaduíonn an tAire Talmhaíochta. Na theannta san, gheibheann an Coláiste gach bliain fé Acht Choláiste Phríomh-scoile Bhaile Atha Cliath, 1934, pé suim nach mó ná £3,000 a cheaduíonn an tAire Airgeadais, taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, chun crícheanna Roinn Teangan agus Litríochta na Nua-Gaedhilge sa Choláiste ar ar cuireadh ath-eagar sa bliain 1932 ar mholadh an Rialtais.

Ar an 9adh lá de Mheitheamh, 1926, nuair a bhí an tAire Airgeadais ag moladh an Mheastacháin don Dáil inar soláthruíodh an deontas speisialta réamhráite de £25,000 do Choláiste Iolscoile Bhaile Atha Cliath (agus deontas speisialta de £15,000 do Choláiste lolscoile Choreaighe) chuir sé in iúl go raibh an dá Choláiste taréis a gheallúint nach n-iarrfaidís breis airgid ar an Stát go ceann cúig mblian ar a laghad agus go leanfaidís dá n-obair gan fiacha a ceann cúig mblian ar a laghad agus go leanfaidís dá n-obair gan fiacha a charnadh suas go mbéidís ag féachaint chun an Stáit chun iad do ghlanadh dhóibh ar ball (Díosbóireachtaí na Dála. Im. 16, col. 709-710).

Le tamall anuas tá Stiúrthóirí Choláiste Bhaile Atha Chath á iarraidh ar an Stát teacht i gcabhair orra chun na fiacha atá ag an mbane orra do ghlanadh. B'é méid na bhflacha san ar an 30adh Mheitheamh, 1943, ná £82,072 agus bhí sin breis agus cúig uaire níos mó ná na fiacha ar an 31adh Iúl, 1934. D'iarradar ina cheann sin go méadófaí deontas bliantúil an Choláiste. I gcomhráite le lucht stiúrtha an Choláiste do mhíníodar dúinn gurbh é fé ndear an móreasnamh a bhí le feiscint ins na cúntaisí airgid ná an leath-chuma a bhí orra nach mór ó thosach ceal foirgnithe oiriúnacha, agus go mb'éigin dóibh suimeanna móra airgid do chaitheamh ar chrícheanna caipitiúla agus ar dheisiú sean-fhoirgnithe. Dúbhairt siad freisin linn gur méaduíodh ar na costaisí riaracháin agus múinteoireachta mar gheall ar an bhfás adhbhal-mhór do tháinic fé uimhir na mac léighinn ón mbliain 1926-27.

Sa tséasúr 1943/44 bhí 2790 mac léighinn sa Choláiste, nó dhá uair níos mó ná mar a bhí ann sa tséasúr 1926/27 an uair a socruíodh an deontas Stáit atá i bhfeidhm fé láthair. De thoradh an mhéaduithe seo níl an gnáth-fháltas mór a dhóthain le tamall anuas chun díol as gnáth-chaiteachas an Choláiste agus is ag dul in olcas atá an sgéal o bhliain go chéile. Na fiacha atá ag an mbannc ar an gColáiste bhíodar-san ag dul i méid i gcómhnaí do réir mar a bhí ag teip ar an bhfáltas bliantúil an caiteachas do ghlanadh. Mar shompla, b' é méid an easnaimh sa bhliain 1936/37 ná £5,900, ach fén mbliain 1941/42 bhí £11,700 d'easnamh bhliantúil ann. Chuaidh na híocaíochta úis don bhanc i méid den chor chéanna. Dubhairt lucht stiúrtha an Choláiste nach raibh siad i ndon feabhsuithe áirithe a bhí riachtanach a dhéanamh agus gurbh éigin dóibh deisithe go raibh géarghá leo a chur ar ath-ló toisc an cruadhchás ina rabhadar maidir le hairgead. Táthar ag tathaint orra, leis, cur le tuarastal na fóirne sóisearaí mar gheall ar a thruime atá an costas maireachtana ag luighe orra. Tuigtear go gcosnóidh sé sin timpeall £5,000 sa bhliain.

I dtosach na gcomhráite cuireadh i dtuisgint do lucht stiúrtha an Choláiste nár admhuigh an tAire Airgeadais gur ceart go gceapfadh Comhairle Rialúcháin an Choláiste go raibh ceart ar bith acu, taréis dóibh dul i bhfiacha, teacht ag impidhe ar an Stát na fiacha san do ghlanadh dhóibh, mar dámbeadh an ceart sin acu ní bheadh aon ní ann a spreagfadh iad chun a gcúrsaí airgeadais féin do riaradh go tíobhasach. Cuireadh i dtuisgint dóibh, leis, nach bhféadfadh an tAire géilleadh nach cáll do lucht an Choláiste a ngustal do chaomhnadh san am atá anois ann nó áird ar bith a thabhairt ar an am atá le teacht mara gcuireann iniúchóir nó údarás eachtrach éigin ar a súile dhóibh go bhfuil ag teip orra maidir leis na nithe sin. Is dóigh liom go raibh tuairim éigin den tsórt sin ag daoine toisg go ndeineann an tArd-Reachtaire Cúnntas agus Ciste cúnntaisí na gColáistí a iniúchadh gach bliain. Dubhradh go soiléir go gcaithfeadh Coláiste Bhaile Atha Cliath an fhreagarthacht a gabháil orra féin i dtaobh leigint do chúrsaí airgid an Choláiste dul in olcas mar do thárla. Cuireadh in iúl do lucht an Choláiste go gcaithfidís deimhnithe áirithe do thabhairt sara bhféadfaí aon chongnamh ó Chiste an Stáit do thairisgint dóibh. Chaithfidís a dheimhniú, ar an gcéad dul síos, go ngabhfadh an Chomhairle Rialúcháin orra féin bheith lán-fhreagarthach as costaisí reatha an Choláiste agus gach socrú cuibhe do dhéanamh chun fáltas an Choláiste do mhéadú agus an caiteachas do thabhairt fá shrian ionnus go seachnófaí fiacha bainc. Ins an dara áit, dubhradh le muintir an Choláiste go gcaithfidís a dheimhniú go ngabhfaidís orra féin bheith lán-fhreagarthach ar chaiteachas caipitiúil ach amháin nuair a bheadh méid nó cineál an chaiteachais chó neamh-choitcianta sin gur cheart deolchaire Stáit do dheonadh, agus gur caiteachas é go bhfuarathas cead an Aire chuige roimh ré. Thug an Chomhairle Rialúcháin na deimhnithe seo gan agó.

Ní foláir a admháil nár deineadh soláthar oiriúnach ariamh chun foirgnithe agus gléasra cuibhe do chur ar fáil don Choláiste. Tugadh £110,000 fé fho-alt 3 d'Alt 7 den Irish Universities Act, 1908, chun tailte a cheannach agus chun na foirgnithe agus an gléasra a bhí riachtanach don Choláiste d'fháil agus d'fheabhsú, agus caitheadh an tsuim sin go léir le linn na tréimhse 1910 go 1920. Toisg chó hárd agus chuaidh praghsanna de bhárr an chead chogaidh mhóir bhían deontas seo róbheag chun díol as na foirgnithe go léir do beartuíodh. £40,000 de na fiacha atá ag an mbannc ar an gColáiste is ar ítimí caipitiúla a caitheadh é. Ins an £40,000 tá suim £17,979 i leith páirc lúith-chleas an Choláiste ag Belfield a cheannach, agus ins an £82,000 atá ag an mbannc ar an gColáiste tá suim £13,099 a caitheadh ar ús agus ar laghdú an mhuirir a bhí ar chuntas na páirce lúith-chleas. D'eirigh tromchuid na bhfiacha bainc as an mbreis a bhí ag caiteachas ar fháltas bliain i ndiaidh bliana agus nár leor toradh na dtáillí múinteoireachta chun a ghlanadh. Moladh, dá bhrí sin, do lucht an Choláiste gur cheart dóibh iarracht do dhéanamh ar an gcaiteachas dó thabhairt fá smacht tré na táillí d'árdú agus tré choigilteas a chleachtadh. D'fheabhsuigh sgéal an airgid go mór ag an gColáiste sa bhliain 1942-43 de bhárr an choigiltis agus de bhárr níos mó mac léighinn do theacht go dtí an Coláiste ná mara bhí ann ariamh cheana. Ó thosach na bliana 1943-44 tá scála táillí i bhfeidhm atá níos aoirde fós agus neartóidh sé seo a thuille leis an gColáiste. Níor mhaoluigh na táillí árduithe beag ná mór go nuige seo ar uimhir na mac léighinn; go deimhin is amhlaidh atá uimhir na mac léighinn i mbliana ag breith báirr ar an mbliain anuraidh.

6. Maidir le cabhair a thabhairt chun na fiacha bainc do ghlanadh, do bheartuíos, ag féchaint dom ar chúrsaí uile an sgéil agus ar na deimhnithe do tugadh dom, do bheartuíos, ach an Dáil do bheith sásta chun an airgid do vótáil, go mba chóir £70,000 do dheonadh go speisialta ex gratia don Choláiste ar na coinníollacha seo leanas:—

(1) go dtoileódh lucht údaráis an Choláiste nach sáródh siad an cunntas bainnc thar £25,000 (agus an iarmhairt a bheidh ann taréis £70,000 d'áireamh sa mhéid sin) gan réamhchead d'fháil ón Aire Airgeadais;

(2) go dtoileodh lucht údaráis an Choláiste glacadh leis an £70,000 mar shocrú iomlán, chó fada is a bhaincann leis an Rialtas, ar aon éileamh mar gheall ar aon fhiacha nó easnamh a bheidh ann lá na híocaíochta, péca tá sé fachta amach an lá san no ná fuil;

(3) go dtoileodh lucht údaráis an Choláiste chun gach ní is gá do dhéanamh chó tapaidh agus is féidir é i ndiaidh na híocaíochta d'fháil chun fuighleach na bhfiacha do ghlanadh.

Tá breithniú dá dhéanamh fé láthair maidir le caoi oiriúnach d'fháil chun an dlí do leasú ionnus go mbeidh sé d'fhiachaibh ar Choláiste Ollsgoile Bhaile Atha Cliath cead an Aire Airgeadais do bheith aca sar a sáróidh siad a gcunntas bainc thar an méid a socruíodh eadrainn.

Glacadh leis na coinníollacha san agus tá sé beartuithe an deontas de £70,000 do thabhairt don Choláiste, má vótálann an Dáil an t-airgead.

Ós rud é go dtagann tuairim is dhá dtrian d'fháltas bhliantúil an Choláiste ó chiste an Stáit nó ó na húdaráis áitiúla do cuireadh in iúl do lucht údaráis an Choláiste nárbh fhéidir cuimhneamh ar dheolchaire breise stáit do chur ar fáil le caitheamh ar gnáthchúrsaí an Choláiste. Moladh dóibh, dá bhrí sin, má bhí breis caiteachais ag tuitim orra, gur cheart táillí na mac léighinn d'árdú. An t-árdú a cuireadh i bhfeidhm cheana, níor chuir sé isteach ar uimhir na mac léighinn, agus cruthú é sin go bhféadfaí leanúint den chúrsa sin, dá mba ghá. Do cinneadh, mar sin, gan deontas bliantúil an Choláiste do mhéadú.

Cuirim fáilte roimh an Vóta so. Níor thuigeas ón Aire an féidir le Coláiste Ollscoile Ath Cliath na fiacha do ghlanadh amach go hiomlán as an méid atá á thabhairt dóibh anois.

Ar an taoibh seo den Tigh, cuirimíd fáilte roimh an Vóta so. Sé bliana is triocha ó shoin cuireadh an Ollscoil Náisiúnta ar bun. Go dtí sin, ní raibh aon chaoi ag furmhór mhuintir na hEireann oideachas ollscoile d'fháil. An chuid ba mhó díobh, ní raibh siad sásta dul isteach i gColáiste na Tríonóide. Cheana féin tá clú na hOllscoile Náisiúnta scaipthe i bhfad agus i gcéin. Na healadhantóirí, na dochtúirí agus na scoláirí eile a tháinig as an Ollscoil táid ag obair i ngach áird dcn domhan agus tá a gcuid oibre ag tuilleamh clú agus cáile ar son na hOllscoile agus ar son na tíre. Ag an Ollscoil féin tá obair foghanta á dhéanamh agus cúis áthais dom a chloisint ón Aire an scéal i dtaobh an méid daoine atá ag freastal ar Choláiste Ollscoile Átha Cliath. Tá níos mó ná 2,000 mac léighinn san gColáiste fá láthair. Gheobhaidh an tír maitheas as san.

Tá na hOllscoileanna ag déanamh a lán i gcúrsaí talmhaíochta ar son na tíre agus tá siad ag déanamh a gcuid chó maith chun cúis na teangan do chur chun cinn. I mo thuairimse is ceart ualach na bhfiach so do bhaint den Ollscoil. Dá mbeadh sé in ár gcumas ba cheart na fiacha uile do ghlanadh amach. Ach ós rud é ná fuil sin in ár gcumas cuirim fáilte roimh an Vóta so.

Is gnáthach suim mhór airgid do vótáil i gcóir cúrsaí oideachais de gach uile shórt. Tugtar airgead ar son oideachas ollscoile. Tá trí Coláistí ag baint leis an Ollscoil Náisiúnta agus admhuím go raibh an ceart ag an Teachta Ó Loingsigh in a lán dá ndubhairt sé. San am chéanna ba mhaith liom ceist do chur ar an Aire. Sí an cheist í: An bhfuair sé aon deimhne ó lucht stiúrtha na hOllscoile go bhfeabhsóidh siad staid na Gaedhilge san Ollscoil agus go ndéanfa siad níos mó chun an Ghaedhilg do chur in uachtar sa tír? Tá cuid mhaith daoine a chuireas suim in obair athbheochaint na Gaedhilge ná fuil sásta go bhfuil an méid is féidir a dhéanamh á dhéanamh ag an Ollscoil, go háirithe Coláiste Áth Cliath, chun cabhrú le cúis na teangan. I mo thuairimse, níl an méid agus ba chóir a dhéanamh á dhéanamh ag Coláiste Ollscoile Áth Cliath chun an Ghaedhilg do chur in uachtar agus do chur á labhairt in gach áird den tír. Sul a n-íoctar an t-airgead so leis an Ollscoil ba chóir don Riaghaltas agus don Aire deimhne d'fháil ó lucht stiúrtha na hOllscoile go gcuirfear feabhas ar an scéal maidir le staid na Gaedhilge. Dá ndéanfaí san, ní bheadh duine ar bith i gcoinne Vóta chun staid airgid na hOllscoile do cheartú, i dtreo go mbeadh siad in ann na fiacha atá orra d'íoc agus an obair is ceart dóibh a dhéanamh ar son a n-aos léighinn agus ar mhaithe leis an nGaedhilg agus leis an tíre.

Vote put and agreed to.
Top
Share