Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Jul 1946

Vol. 102 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil do Thógáil.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an eol dó go bhfuil socair le tamall fada scoil nua a thógáil i gCill Mhuire, Lios Ard Achadh, Maghcromtha, agus an féidir leis a rá cathain a tosnófar ar an obair.

Is eol dom go bhfuil sé socair le tamall fada scoil nua do thógáil i gCill Mhuire, Lios Árd Achadh, agus go raibh chómhfhreagarthas ar siúl idir mo Roinn agus an Bainisteoir ar an gceist. Níor sholáthruigh an Bainisteoir fianaise teidil don suidheamh agus do réir Riail 39 (4) ní mór léas an tsuidhimh do bheith críochnuithe sar a bhféadfaí an connradh do thabhairt amach. I dtoscaí na cúise níl sé ar mo chumas a rá cé'n uair a tosnófar ar an obair.

Tá sé ag brath ar an mbainisteóir an obair do thosnú?

Tá sé ag brath cuid mhaith ar an mbainisteóir.

Top
Share