Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 May 1949

Vol. 115 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Carr-Sheirbhís do Pháistí Scoile.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais ar fríothadh iarratas ar charr-sheirbhís a sholáthar do fiche páiste i gCroimghlinn atá ag freastal ar Scoil Chorr na Mónadh, áit atá sé mhíle slí uathu; agus má fríothadh, an bhfuiltear chun géílleadh don iarratas sin.

Friothadh iarratas le déanaí ar charr-sheirbhís do sholáthar do pháistí áirithe atá ina gcomhnaí i Sráid-bhaile na Cruimghlinne. Tá fiosrúchán á dhéanamh na thaobh, agus go dtí go mbeidh faisnéis iomlán agam, ní fhéadfad a rá an cás é seo ina bhféadfaí deontas i gcabhair do sholáthar.

Top
Share