Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Apr 1952

Vol. 131 No. 1

Bás Teachta.

Cúis mhór bróin dúinn go bhfuair an Teachta Domhnall de Búrca bás ó scoir an Dáil le haghaidh na Cásca: Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

So mbliain 1927 a céad-toghadh an Teachta de Búrca do Dháilcheantar Luimnigh agus níor chaill sé an gradam sin go lá a bháis. Ní raibh sé ach ina ógfhear nuair a chuaigh sé isteach i nGluaiseacht na Saoirse i gCathair Luimnigh, áit a raibh caidreamh aige ar Sheán Ó Dálaigh agus Fíníní eile. Bhí baint aige le Sinn Féin go luath tar éis a bhunaithe, agus bhí sé ar dhuine den chéad dream i Luimneach a cheangal sna hÓglaigh sa mblain 1913. Bhí páirt ghníomhach aige ó shoin go dtí go raibh ár saoirse sa chuid seo d'Eirinn bainte amach againn. Ghlac sé páirt ghníomhach i ngach ar bhain le Cathlán Luimnigh agus, níos deireannaí, le Briogáid Láir Luimnigh.

Toghadh é ar bhárdas Luimnigh sa mbliain 1924; ba chomhalta den bhárdas é go dtí gur cailleadh é; agus ba Sheanóir é ar an mBárdas ón mbliain 1934 i leith. Bhí sé ina Mhaor ar an gCathair sin ón mbliain 1936 go dtí an bhliain 1941.

Bhí sé riamh dúthrachtach díograiseach i mbun a dhualgas mar chomhalta de Dháil Eireann agus mar Ionadaí Aitiúil. Agus cé go raibh an tsláinte ag clis air le tamall anuas, bhí sé dílis go dtí an deireadh ag freastal ar an Teach seo agus ar ghnóthaí mhuintir a dháilcheantair.

Fear séimh, cineálta, fíor-lách ba ea an Teachta de Búrca, agus bhí ardmheas agus gean ag a chuallaithe air. Cúis mór-mhéala a bhás do na Teachtaí go léir a raibh aithne acu air.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, comhbrón na Dála a chur in iúl dá bhaintrigh.

Deputies rose in their places.

Top
Share