Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Apr 1953

Vol. 138 No. 1

Bás Teachta.

Is dearbh liom gurbh oth le comhaltaí a chloisint, i rith Sosa na Cásca, go raibh an Teachta Seán Ó Catháin tar éis bháis. Toghadh an Teachta Ó Catháin don Dáil den chéad uair in Olltoghchán na bliana 1948 mar dhuine den Pháirtí Oibreachais. Bachomhalta gníomhach díograiseach den Dáil é; labhair sé go mimic agus go héifeachtach, sna díospóireachta, agus bhíodh sé ag obair go seasta ar son a thoghluchta.

Le blianta sarar toghadh ina Theachta é, bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Chontae Chorcaighe agus é dúthrachtach ina chuid oibre ar an gcomhairle sin agus ar a fo-chomhluchta.

Ina fhear óg dhó, bhí sé gníomhach in Arm Phoblacht na hÉireann ina cheantar féin i rith Chogadh na Saoirse, agus cuireadh i mbraighdeanas é, agus d'fhulaing sé cruatan, níos mó ná uair amháin dá bharr.

Bhí gnaoi agus gean ar an Teachta Ó Catháin, rud a bhí tuillte aige, agus aireoidh comhaltaí uile na Dála a phearsa ghroí chineálta uathu. Is mó ná sin a aireos pobal a dháilcheantair uathu é.

Iarraim ort, a Cheann Comhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá bhaintrigh agus dá chlainn.

Deputies rose in their places.

Top
Share