Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Nov 1954

Vol. 147 No. 5

Written Answers. - Gabháltais Do Mhuintir na Gaillimhe.

D'fhiafraí

den Aire Tailte an abróidh sé tuairim is cé mhéad gabháltas a sholáthrós Coimisiún na Talún i rith na bliana airgeadais seo do dhaoine as ceantar cúng na Gaillimhe mar mhalairt ar shean-ghabháltais.

Ní féidir a bheith cinnte cionnus a n-éireochaid le scéimeanna imirce, agus dá bhrí sin ni bhéadh in aon meastachán a déanfaí ach tuairim garbh.

Do shóláthruigheadar 42 gabháltaisí d'imircigh as Gaillimh anuraidh agus 42 an bhlian roimhe sin freisin; de réir deallramh, beidh siad indan timcheall an méid chéadna a sholáthrú i rith na bliana airgeadais seo.

Top
Share