Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Nov 1954

Vol. 147 No. 5

Written Answers. - Aibhléis Do Chois Fhairrge.

D'fhiafraí

den Aire Tionscail agus Tráchtála an dtig leis a rá cén uair a thosós Bord Soláthair an Leictreachais ar sholáthar aibhléise a chur ar fáil do cheantar Chois Fhairrge agus na Ceathrúu Ruaidhe, Contae na Gaillimhe, agus, mura dtig, an abróid sé cén uair a bheas an t-iarratas á bhreithniú.

Maidir leis an chéad chuid den cheist, níl aon rud le rádh agam thar mar a dubhras ar an cúigiú lá déag de mhí Iúil seo caite mar fhreagra ar cheist a chuir Teachta eile ar an ádhbhar chéanna.

Maidir leis an tarna chuid den cheist, tá Bord Soláthair an Leich-treachais tar éis a chur in iul dom go mbreathnófar iarrataisí ó cheanntar na Gaillimhe den Bhord i gceann timcheall trí seachtaine agus in a dhiaidh san gach trí nó cheathar mí.

Top
Share