Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Nov 1955

Vol. 153 No. 4

Written Answers. - Achta na dTithe (Gaeltacht).

D'fhiafraigh

den Aire Tailte an feasach dó go mbítear ag éileamh ar iarratasóirí faoi Achta na dTithe (Gaeltacht) céad punt mar airgead síos as ucht ábhair tógála a sholáthar; nach mbíonn ar chumas iarratasóiré an méid sin a réamhíoc; agus an bhféachfaidh sé chun réiteach na faidhbe seo d'aimsiú.

Is eól dom go mbíonn réamh-íoc den chineal a luann an Teachta á éileamh ag soláthraithe áirithe ar roinnt de na deontaithe fá Achta na dTithe (Gaeltacht) i gCo. na Gaillimhe, ach ní h-eol dom go bhfuil an cleactadh sin ag cur isteach ar cúrsaí tithíochta fós na h-Achta.

Top
Share