Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Jul 1957

Vol. 163 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláiste Ullmhúcháin agus Scoláireachtaí Gaeltachta.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cá huair a fuagrófar torthaí scrúduithe i gcóir coláistí ullmhúcháin agus scoláireachtaí Gaeltachta, agus an dtuigeann sé an éagóir mór atáthar a dhéanamh ar thuismitheoirí agus scoláirí nach bhfaghann na torthaí go dtí mí Lúnasa, agus fosta, an dtiocfadh leis a rá cad chuige nach bhfuagraítear na torthaí roimh lár mhí Iúil nuair a ghlacas na scoltacha laethe saoire.

Tá súil agam go mbeidh torthaí Scrúdú Ionadachta na gColáistí Ullmhúcháin, 1957, ar fáil an chéad sheachtain i mí Lúnasa agus go mbeidh torthaí an chomórtais le haghaidh Scoláireachtaí Meán-Scol d'iarrthóirí ón Ghaeltacht, 1957, ar fáil laistigh de sheachtain ina dhiaidh sin.

Cé go dtuigim gur cheataí do thuismitheoirí é nach mbionn na torthaí ar fáil níos luaithe, is oth liom, agus a mbionn de scrúduithe eile le riar ag Bun-Bhrainse na Roinne ag aon am leis na scrúduithe seo, nach bhféadfaí na torthaí a chur ar fáil roimh lár mhí Iúil mar atá i gceist ag an Teachta.

Top
Share