Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Dec 1963

Vol. 206 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Árachas Oibrithe Cléireachais.

58. D'fhiafraigh

den Aire Leasa Shóisialaigh an bhfuil sé beartaithe aige an teorainn £800 do árachas éigeantach oibrithe cléireachais a árdú.

Bionn an cheist i dtaobh oiriúnachta £800 mar theorainn luach saothair chun chríocha árachas leasa shóisialaigh d'oibrí atá i bhfostú seachas fostú i bhfoirm obair láimhe, faoi scrúdú i gcónaí san gnáth slí i mo Roinn. Níor cinneadh, áfach, ar an teorainn a árdú in alt na h-uaire seo.

Top
Share