Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 12 Dec 1963

Vol. 206 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leagan Gaeilge de Thoghairm Ghiúire.

56. D'fhiafraígh

den Aire Dlí agus Cirt (a) an gcuirtear leagan Gaeilge de thoghairm ghiúiré ar fáil dóibh siúd ar Rolla an Ghiúiré a lorgaíonn a leithéid, agus muna gcuirtear an fáth atá le sin; agus (b) an bhfuil sé sásta féachaint chuige go gcuirfear an leagan Gaeilge ar fáil as seo amach.

57. D'fhiafraígh

den Aire Dlí agus Cirt an feasach dó gur cuireadh leagan Béarla de Thoghairm Ghiúiré chuig Aindrias Uas. Ó Scolaidhe, as 20 Bóthar Bhaile Harmain, An Chúlóg, Baile Átha Cliath, agus gur scríobh Mac Uí Scolaidhe chuig Rúnaí a Roinne, ag déanamh gearáin faoin leagan Béarla amháin a bheith curtha chuige, agus gur chuir sé cóip den litir sin chuig Cléireach na Cúirte, agus chuig Roinn an Taoisigh roimh lá na Cúirte agus, d'ainneoin a chuid agóide, gur gearradh fíneáil trí phunt air, toisc nach raibh sé i láthair sa Phríomh-Chúirt Choiriúil nuair a glaodh air; agus an bhfuil sé sásta go bhfuil sé de cheart ag saoránach ar bith den Stát seo a éileamh go ndéanfar a ghnó trí Ghaeilge i gcás go mbíonn déileáil idir é agus Roinn Stáit nó Feidhmeannach Stáit.

58. D'fhiafraígh

den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil sé sásta an fhíneáil £3 a gearradh ar Aindrias Uas. Ó Scolaidhe, as 20 Bóthar Bhaile Harmain, An Chúlóg, Baile Átha Cliath, toisc nach raibh sé i láthair sa Phríomh-Chúirt Chóiriúil nuair a ghlaodh air i Mí Dheireadh Fómhair, 1963, a loghadh go hiomlán.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tá beartaithe agam Ceisteanna 56, 57 agus 58 fhreagairt le chéile.

Tá leagnacha Gaeilge de thohairmeacha giúiré ar fáil agus tá socruithe oifigiúla ann chun iad a chur chun duine ar bith go bhfuil a ainm i nGaeilge i Leabhar na nGiúróirí.

Sa chás a luann an Teachta, cuireadh toghairm ghiúiré i mBéarla amach ó Oifig Shirriam na Cathrach trí earráid chléireachais. Is oth liom gur thárla sin agus táim ag féachaint chuige ná tárlóidh a leithéid feasta.

Tá na fíneáileacha sa chás maite agam.

Tá mé buíoch den Aire.

For the benefit of the Tánaiste, would the Minister circulate a translation?

I should be glad if the Minister for Justice would facilitate the Deputy.

Do scríobh an fear sin dán i nGaeilge.

Top
Share