Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.
Is chun an deontas-i-gcabhair do Ghaeltarra Éireann a mhéadú go dtí £300,000 sa bhliain airgeadais reatha trí shuim £80,000 a chur leis atá an Meastachán Forlíontach seo á thabhairt isteach.
Meastar anois go gcaithfidh Gaeltarra £57,000 ar dheontais chaipitil i mbliana—
£15,000 ar mhiontionscadail shomhaoineacha a dtugtar deontais suas go £2,000 chun iad a chur chun cinn gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun; tá suas le 27 gcinn de na deontais sin ceadaithe go dtí seo; agus
£42,000 chun monarcha agus innealra a chur ar fáil in aice leis an Spidéal do Connemarble Ltd., comhlacht ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena chéile; ní fada anois go mbeidh marmar Chonamara á phróiseáil ansin agus scór fear ag obair sa tionscal.
Ba mhaith liom a mhíniú go bhfaigh-eann Gaeltarra caipiteal neamh-vótáilte chomh maith as an bPríomh-Chiste i bhfoirm airleacain—chun scaireanna i gcomhlachtaí a chean-nach, monarchana a thógáil le ligean ar cíos agus na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin a fhorbairt. £100,000 a gheobhaidh an Bord sa bhealach sin i mbliana. Caithfear cuid de sin ar scaireanna i Connemarble Ltd. a luaigh mé anois beag agus, fosta, in Ambler of Donegal Ltd., comhlacht a bhfuil monarcha á tógáil dó i nGaoth Dobhair chun snáthanna a shníomh don tionscal fíodóireachta; beidh breis agus dhá scór duine ag obair ansin i dtosach báire.
Ó thaobh caiteachais reatha de, meastar go mbeidh thart ar £143,000 ag teastáil ó Ghaeltarra chun easnamh na bliana reatha a shlánú. Ina theannta sin tá beartaithe agam £100,000 a chur ar fáil don Bhord mar chaipiteal oibre —rud nach bhfuair siad riamh cheana —d'fhonn go mbeidh ar a gcumas eagar níos éifeachtaí fós a chur ar a gcuid gnóthaí.
Is cúis sásaimh dom go bhfuil feabhas ag teacht ar na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin agus go bhfuil ag éirí leis an mBord na dualgais atá orthu a chomhlíonadh. De thairbhe na gcumhachtaí nua a tugadh dóibh cúpla bliain ó shin tá toradh nach beag cheana féin ar shaothar an Bhoird agus tá tuilleadh tograí ar láimh acu a chabhróidh go mór le fostaíocht bhreise a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá gach dóchas agam go ndéanfar dul ar aghaidh fónta ar mhaithe leis an nGaeltacht sna blianta atá romhainn.
Molaim an Meastachán Forlíontach don Teach dá réir sin.