d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid as an Státchiste a íocadh anall go dtí an 31 Márta 1967, ó tosaíodh a íoc na ndeontas on chéad uair (a) le gach iris Ghaeilge, (b) le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, (c) le Coiste an Oireachtais, (d) le Conradh na Gaeilge, (e) leis an gComhar Drámaíochta agus (f) le Gael-Linn agus faisnéis a thabhairt maidir le hirisí agus le heagraíochtaí éagsúla.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Íocaíochtaí d'Irisí agus d'Eagraíochtaí.
Ní raibh deontais d'irisí Gaeilge ná d'eagrais Ghaeilge á n-íoc ag mo Roinnse roimh 1 Aibreán, 1965. Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas faoi na deontais a íocadh sa dá bhliain dar chríoch 31 Márta, 1967, agus tá beartaithe agam, le do cheadsa, a Cheann Comhairle, é a chur ar fáil sa tuairisc oifigiúil.
Seo a leanas an tábla:—
An méid a íocadh ó 1/4/65 go 31/3/67 |
|
£ |
|
Irisí Gaeilge: |
|
Inniu |
36,660 |
Amárach |
6,860 |
Comhar |
5,060 |
Feasta |
4,400 |
Tír na nÓg |
3,284 |
An tUltach |
2,040 |
Agus |
2,160 |
Ar Aghaidh |
516 |
Timire an Chroí Ró-Naofa |
400 |
Galvia |
115 |
Eagrais Ghaeilge (Deontais-i- gCabhair): |
|
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge |
42,000 |
Coiste an Oireachtais |
6,000 |
Conradh na Gaeilge |
19,500 |
An Comhar Drámaíochta |
7,100 |
Gael-Linn* |
12,500 |
* Íocadh deontais £8,500 le Gael-Linn sa tréimhse chéanna chun cabhrú le gearrscannáin Ghaeilge a sholáthar agus, ina theannta sin, fuair siad cabhair ón Roinn ó 1959 i leith faoi scéimeanna éagsúla nach raibh teoranta do Ghael-Linn mar eagras.
Táim lán sásta leis an bhfreagra sin.