Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Oct 1970

Vol. 249 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deisiú Bhalla Fairrge (Co. na Gaillimhe).

121. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta an bhféachfaidh sé chuige go ndeiseofar láithreach na codanna de bhalla na farraige idir Cill Rónáin agus Trá na bhFrancach, Contae na Gaillimhe, óir tá gá lena ndeisiú le nach mbeidh tithe na ndaoine a chónaíonn ina aice i gcontúirt i rith an gheimhridh seo chugainn.

Bhí an obair sin i measc oibreacha ar iarr mé ar an gcomhairle chontae tamall ó shin meastacháin chostais a chur ar fáil dóibh. Ní go dtí le déanaí a fuarthas an meastachán agus tá breithniú á dhéanamh ar an gcás.

Top
Share