Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1973

Vol. 269 No. 12

Ceisteanna—Questions. - Cúrsaí Samhraidh.

50. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta deontas ar leith a thabhairt do bhean tí sa Ghaeltacht nach mbeadh thar cheathrar scoláire aici aon tráth áirithe le linn na gcúrsa£ samhraidh.

51. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an iarrfaidh sé ar lucht na gcúrsaí samhraidh gan a cheadú go mbeadh an iomad scoláirí ag cur fúthu i dteach ar bith.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 50 agus 51 le chéile.

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge is í mo Roinnse a leagann amach uaslíon na ndaltaí is ceadaithe a ghlacadh i dtithe Gaeltachta. Ní bhíonn níos mó ná ceathrar i gceist ach amháin nuair a bhítear sásta gur féidir freastal orthu agus ní dóigh liom gur chóir deontas eile fós a thabhairt chun an líon ceadaithe a laghdú i gcásanna mar sin.

Nach féidir an freastal seo a rinne an tAire tagairt dó a dhéanamh ar líon tí ina mbeidh níos mó ná cheithre páistí iontu? Séard atá mé ag smaoineamh air ná níos mó airgid a chur ar fáil do bhean an tí sna cásana sin.

Admháin go bhfuil pointe ag an Teachta ach, mar is eol dó, bhí ceist agam uaidh coichís ó shin ar an ábhar céanna. Dúirt mé leis gur bhuail mé le Comhchoiste na gColáistí Samhraidh. Phlé muid a lán ceisteanna a bhaineann leis na cúrsaí samhraidh. Thug an comhchoiste moltaí dom agus tá na moltaíseo faoi scrúdú agam agus ag an Roinn. Tá sé ar intinn agam cruinniú a bheith agam leis an gcomhchoiste go luath arís chun comhrá a bheith againn faoin scrúdú a bhéanta agam ar a gcuid moltaí.

An nglacfaidh an tAire go mba cheart dó, b'fhéidir, caint a bheith aige leis na tuismitheoirí?

Admhaím go bhfuil deacrachtaí in áiteanna áirithe, ach níl mé sásta go bhfuil sé riachtanach an scéim a leasú. Mar is eol don Teachta, tá daoine ann nach bhfuil sásta leis an scéim mar atá sé.

Tar éis an cruinniú a bhí ag an Aire leis an gcomhchoiste, an bhfuil sé sásta go bhfuil an iomarca daltaí i dtithe éigin agus i gcás mar sin go mba cheart níos mó a íoc le bean an tí mar sin? Ar phlé sé an cheist sin leis an gcomhchoiste?

Mar adúirt mé, tá an scéim faoi scrúdú agam agus ag an Roinn agus sílim nach ceart dom níos mó a rá faoi go dtí go mbeidh cruinniú eile agam leis an gcomhchoiste.

Ar chuir an comhchoiste in iúl don Aire an imní atá orthu go mbeidh laghdú mór ar an líon dalta an samhradh seo chugainn agus an bhfuil aon phlean aige chun a chinntiú nach dtarlódh sé sin?

Níl sé ar intinn agam níos mó a rá anois go dtí go mbeidh an scrúdú atá dá dhéanamh agam críochnaithe.

Top
Share