Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1973

Vol. 269 No. 12

Ceisteanna—Questions. - Labhairt na Gaeilge.

52. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta arbh fhiú dó, ina thuairim, dul i gcomhairle le daoine a bheadh ag triall chun na Gaeltachta go sealadach nó go seasta chun iad a ghríosú maidir le labhairt na Gaeilge.

Is é mo mhian gurb í an Ghaeilge a bheidh á labhairt ar fud na Gaeltachta agus tá mo dhícheall á dhéanamh agam chun an tábhacht a bhaineann leis sin a léiriú do dhaoine a bhíonn ag triall ar an nGaeltacht. Ní dóigh liom, áfach, go mbeadh sé indéanta agam dul i gcomhairle leis na daoine sin go léir.

B'fhéidir go mb'fhiú don Aire, nuair a bhéas daoine ag dul chun cónaite sa Ghaeltacht, billeoigín nó litir bheag a chur chucu á rá leo go bhfuil áthas ort go bhfuil said anois sa Ghaeltacht agus ag iarraidh orthu Gaeilge a labhairt chomh fada agus is féidir leo fhaid atá siad sa Ghaeltacht.

Admhaím nach raibh a fhios agam gur gá é sin a dhéanamh. An é atá i gceist ag an Teachta go gcuirfí amach leabhrán, leabhar beag nóo iris nó rud éigin mar sin?

Litir do dhaoine nua atá ag teacht chun cónaithe go seasta sa Ghaeltacht.

Sé sin, gach duine a théann chun cónaithe sa Ghaeltacht nó ar a laetheanta saoire?

Ní h-ea; go seasta, go buan.

Go seasta?

Sea. An bhféachfaidh an tAire isteach sa scéal?

Top
Share