Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1973

Vol. 269 No. 12

Ceisteanna—Questions. - Cúrsaí Teileafóin sa Ghaeltacht.

66. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an bhfuil aon ghníomh speisialta á dhéanamh aige maidir le cúrsaí teileafóin sa Ghaeltacht.

Tá 11 athracháin telefóin uathoibritheacha ag tabhairt seirbhís do rannpháirtithe sa Ghaeltacht cheana féin. Tá sé beartaithe seirbhís uathoibritheach a chur ar fáil do 20 dos na hathracháin eile taobh istigh de ceithre nó cúig bliana. Tá sé beartaithe freisin morán príomh-línte breise a thógáil a rachaidh chun tairbhe dos na ceanntair Ghaeltachta go léir.

Sé bhí i gceist agam go ndéanfaí socrú speisialta don Ghaeltacht. Ag an am seo an gceapann an tAire, agus an Bille nua á chur ós cóir na Dála gur ceart áit na Gaeltachta a shocrú ar eagla, amach anseo, nach mbeadh Aire chomh fábharach leis féin, bh'fheidir, don Ghaeltacht agus nach bhfaigheadh an Ghaeltacht cothrom na Féinne?

Tabharfaidh mo Roinn aire speisialta maidir le caipitil teileafóin do na ceantair cosúil leis an Ghaeltacht, agus ní amháin sin ach do cheantair mar í. Tá aird speisialta á thabhairt im Roinn don iarthar agus do na réigiúin eile Gaeltachta. Tá a fhios againn nach foláir seirbhís mhaith teileafóin a chur isteach ins na réigiúin sin chomh lua agus is féidir.

Top
Share