Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Feb 1974

Vol. 270 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Plean Forbairt na Gaeltachta.

21. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cathain a fhoilseofar plean forbartha na Gaeltachta.

Beidh ráiteas le déanamh ag an Aire nuair a bheidh Meastachán a Roinne á phlé sa Dáil.

An nglacfadh an Rúnaí Parlaiminte gur tugadh a leithéid seo mar fhreagra ar a laghad ceithre nó cúig de bhabhtaí roimhe seo agus go ndúirt an tAire go mbeadh sé seo le fáil i dtosach na míosa seo ach nár tháinig sé fós?

Má dúirt an tAire go dtabharfadh sé an t-eolas le linn Meastachán a Roinne a bheith á phlé anseo, tá sé sin fíor fós.

An nglacfadh an Rúnaí Parlaiminte go ndúirt an tAire go mbeadh na Meastacháin á bplé an chéad sheachtain tar éis filleadh anseo dhúinn?

Sin an súil a bhí aige ach níor éirigh leis an Meastachán a bhrú ar aghaidh chomh tapaidh agus ba mhaith leis.

De bhrí go bhfuil an freagra seo ann maidir leis an slí ina mbeadh na Meastacháin ar siúil, b'fhéidir go ndéanfadh an tAire ar chaoi éigin eile é?

An méid eolais atá agam tá sé tugtha agam don Teach. Comh fada agus is eol dom, beidh an Meastachán seo os comhair na Dála go luath.

Cén uair a bheidh an margadh seo oscailte?

Is ceist eile í sin.

(Cur isteach.)

Top
Share