Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Feb 1974

Vol. 270 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Eastát Tionscail na Ceathrún Rua.

22. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad duine atá fostaithe sa mhonarcha ar an Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe.

Tuigtear don Aire go bhfuil 133 dhuine fostaithe i dtrí cinn de mhonarchana ar eastát tionscail na Ceathrún Rua.

An bhféadfadh an Rúnaí Parlaiminte sonraí faoi leith a thabhairt dom maidir le monarcha CP ar an gCeathrú Rua?

Ní fhéadfainn.

Os é sin, b'fhéidir, an ceann is tábhachtaí ansin, shílfeá go bhfuil sé saghas ait nach bhfuil an t-eolas sin ag an Rúnaí Parlaiminte.

Seans go dtabharfadh an Teachta aire don cheist a chuir sé síos. Sí an cheist a chuir sé síos ná chun a fhiafraí d'Aire na Gaeltachta cé mhéad duine atá fostaithe sa mhonarcha ar an gCeathrú Rua agus ní sna monarchana. Tá trí cinn díobh ann agus níor luaigh an Teachta an ceann a bhí i gceist aige.

Aontaím go hiomlán leis an Rúnaí Parlaiminte——

Ní ceist í sin.

Tá trí cinn ann agus tá mise ag iarraidh air an bhféadfadh sé anois líon na n-oibritheoirí IC Plastics a thabhairt dom?

Níl an t-eolas sin agam. Noiméidín beag amháin. Gabh mo leithscéal. Tá sé agam. Tá duine is cheithre scór fostaithe i CP Teoranta.

Caithimíd dul ar aghaidh go dtí Ceist a 23.

Cuirfidh mé ceist amháin eile. An bhfuil na daoine sin ag obair?

Ní fhéadfainn é sin a rá. Ón eolas atá im láimh agam, tá duine is ceithre scór fostaithe i CP Teoranta.

An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá an bhfuil na daoine sin ag obair?

Tá súil agam go bhfuil na daoine atá fostaithe ag obair.

Ní féidir an Teachta a shásamh.

Níl siad ag obair.

Top
Share