Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Jul 1974

Vol. 274 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Ghaeilge.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil scéim ar láimh aige le scoláireachtaí a thabhairt do mhic léinn a bheadh ag freastal ar chúrsa trí Ghaeilge i gcoláistí réigiúnacha.

Tá scoláireachtaí áirithe dá leithéid sin á dtabhairt ag mo Roinnse: íocadh iad i mí Márta seo caite don scoilbhliain 1973-74.

Níl an freagra sin sásúil chor ar bith. Tá fhios ag an Aire go bhfuil na scoláirí sa Scoil Réigiúnach i nGaillimh ag freastail ar chúrsa dhá bhliain, agus níl sé sásúil——

Ceist, led thoil.

Níl sé sásúil go n-abróchadh an tAire liom go bhfuil deontais nó scoláireachtaí íoctha don bhliain seo caite. Tá chuile dhuine i nGaillimh ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an tAire sásta na scoláireachtaí a bhronnadh don bhliain atá amach rómhainn agus an mbeidh na scoláireachtaí seo ar chuile bliain amach anseo.

Is mar seo atá an scéal. Mar a dúirt mé san fhreagra, d'íoc mo Roinnse seacht scoláireacht i mí Márta seo caite sa Choláiste Réigiúnach i nGaillimh don cúrsa——

Nil aon eolas eile ag teastáil uaim ach an t-eolas a d'fhiafrias d'Aire sa cheist a chuir mé air: an mbeidh na scoláireachtaí ar fáil san bhliain seo chugainn agus na blianta amach rómhainn?

Mar a dúirt mé, íocadh seacht scoláireacht don bhliain seo caite. Chuireamar suas go 12 scoláireachtaí ar fáil ach ni raibh mic léinn cáilithe sa Choláiste Réigiúnach ach do sheacht gcinn.

Sin seafóid. Bhí chuile scoláire eile sa choláiste ag freastail ar an chúrsa sin. Ní fhéadadh ach seachtar glacadh leis na scoláireachtaí.

Má tá freagra ag teastáil ón Teachta, tá mé ag iarraidh freagra iomlán a thabhairt dó. Beidh na scoláireachtaí céanna le fáil an bhliain seo chugainn, is é sin, beidh na scoláireachtaí ar fáil don chúrsa i staidéar gnó sa Choláiste Réigiúnach i nGaillimh i rith na scoilbhliana 1974-75. Is scéim nua é seo. Bhíos i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus an Aire Oideachais le déanaí maidir leis an scéim seo. Tá súil agam go mbeidh scéim nua ghinearálta a bheidh oiriúnach do mhic léinn a bheidh ag freastal ar na coláistí réigiunacha ullamh i gceann coicíse agus go mbeidh fógra ag dul amach go dtí gach coláiste réigiúnach ina bhfuil cúrsa trí Ghaeilge.

Ba maith liom a fhiafraí den Aire cén fáth nár chuir sé an t-eolas sin chuig an coláiste roimhe seo go mbeadh na scoláireach-Cén taí seo ar fáil san bliain seo chugainn? fáth an bhfuil siad ag fanacht ó mí Márta seo caite chun an t-eolas seo a fháil?

Mar a mé duirt, is scéim nua é. Thugamar na scoláireachtaí sin don bhliain seo caite. D'íocamar na scoláireachtaí sin agus tá staidéar iomlán déanta ag mo Roinnse ar an gceist seo agus bhíomar i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais agus an Roinn Oideachais. Beidh fógra ag dul amach go dtí an Coláiste Réigiúnach agus as seo amach tá súil agam go mbeidh scéim ghinearálta sheasmhach ann a bheidh oiriúnach do na coláistí réigiúnacha.

An bhfuil an tAire a rá go mbeidh an t-eolas so faoin scéim ag an gColáiste taobh istigh de choicís?

I gceann coicíse.

Tá siad ag fanacht ceithre bliana ar an eolais sin.

Tá mé a rá ag an bpointe seo go mbeidh na scoláireachtaí céanna ar fáil.

Top
Share