Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Jul 1974

Vol. 274 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé chomh fada a thógfaidh sé Údarás na Gaeltachta a bhunú.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mar atá faoi láthair maidir lena ráitis faoi Údarás na Gaeltachta a bhunú i mbliana.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist Uimh. a 18 agus Ceist Uimh. a 19 le chéile.

Cuirfear Bille faoi bhráid na Dála san Fhómhar tá súil agam agus, nuair a bheidh sé ina Acht, bunófar Údarás na Gaeltachta.

An mbeadh an tAire sásta a rá go nglacfaidh sé le moltaí go mba cheart go mbéadh ionadaí níos leithne ag muintir na Gaeltachta fhéin ar an udarás so?

Ní gá dom a rá go rabhas ag éisteacht leis na mílte moltaí i rith na bliana seo caithe agus tá na moltaí agus na tuairimí sin á bhreithniú faoi láthair maidir leis an mBille nua.

Arís, an féidir linn bheith cinnte go dtiocfaidh sé seo os comhair na Dála roimh Nollaig?

Is féidir. Beidh an udarás nua de réir na moltaí ins an tuarascál Gníomh don Ghaeltacht. Ach comh maith leis sin do fuaireas a lán tuairimí ó mhuintir na Gaeltachta agus eagraí éagsúla ar fúd na Gaeltachta. Tá na moltaí sin go léir i gceist agam agus tá mé ag iarraidh an udarás is fearr is féidir a bhunú.

Nuair nach raibh sé ullmhaithe i gceart, an raibh sé ciallmhar a rá go raibh an tAire chun an udarás a bhunú?

Sin ceist eile.

Top
Share