Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 Jun 1975

Vol. 282 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Téacsanna Gaeilge.

21. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén socrú atá déanta aige lena chinntiú go mbeidh téacsanna i nGaeilge as seo amach ag na scoileanna atá ag plé leis na hábhai léinn trí mheán na Gaeilge.

Mr. R. Burke

Tá socruithe a déanamh agam i láthair na huaire chun breis fóirne proifisiúnta agus riaracháin a cheapadh i mBrainse na bhFoilseacháin—An Gúm. Is iarracht é seo chun a chinntiú go mbeidh leor-sholáthar Téacsanna ar fáil i nGaeilge do gach ábhar ins na scoileanna, idir bhunscoileanna agus mheanscoileanna. Beidh tionchar, freisin, ar chur ar fáil na dtéacsleabhair ag an méid usáide a bhainfidh na foilsitheoirí príobháideacha as na scéimeanna deontais atá ann cheana féin chun cabhrú le foilsitheoirí, buntéacsanna i nGaeilge agus aistriúcháin a chur ar fáil.

An nglacfadh an tAire go ndúirt sé anseo sa Teach anuraidh, measaim, go raibh na téacsanna seo ar fáil cheana féin?

Mr. R. Burke

Chuir an Teachta ceisteanna orm i dtaobh ranganna áirithe agus thugas freagra iomlán ar an gceist ag an am sin.

Má tá siad ar fáil cheana féin cén gá a bheadh leis na socruithe atá beartaithe anois?

Mr. R. Burke

Mar is eol don Teachta dúras nach raibh roint áirithe leabhar ar fáil agus go rabhthas chun iad a chur ar fáil againn. Sin iad na leabhair atá i gceist agam.

An féidir leis an Aire a rá go cinnte anois, mar tuigeann sé go bhfuil a lán díomá ar dhaoine, go mór mhór ar mhuintir na Gaeltachta, nach bhfuil na téacsanna seo ar fáil? An féidir a rá go cinnte cathain a bheidh siad ar fáil ag na daoine?

Mr. R. Burke

Go dtí a bhéas a fhios agam céard tá i gceist ag an Teachta ní féidir liom ceisteanna geinearálta mar sin a fhreagairt.

An féidir leis an Aire a rá cathain a bheidh na téacsleabhair do gach ábhar ar fáil atá ag teastáil i scoileanna atá ag obair faoi mheán na Gaeilge?

Mr. R. Burke

A luaithe agus is féidir iad a chur ar fáil——

Top
Share