den Aire Oideachais cén fhoireann atá ag obair aige faoi láthair ar an bhfoclóir Gaeilge-Béarla; agus an féidir a bheith sásta gur leor í chun a bheith cinnte go mbeidh an foclóir ar fáil go luath.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foclóir Gaeilge-Béarla.
Mr. R. Burke
Tá seachtar d'fhoireann ag obair ar an bhfoclóir faoi láthair. Tá mé sásta gur leor an fhoireann sin lena chinntiú go mbeidh an foclóir ar fáil go luath.
An féidir leis an Aire a rá cén fhaid atá an fhoireann ag obair ar an bhfoclóir seo?
Mr. R. Burke
Chaithfí ceis bheacht a chur orm faoin bpointe sin. Níl an t-eolas sin agam ag an bpointe seo. Tá an obair déanta acu suas go dtí an focal litir "D" agus tá roint áirithe curtha ar aghaidh go dtí na clódóirí. Tá roint eile socruithe cheana féin le dul go dtí na clódóirí ach tá deacrachtaí le sárú i gcásanna áirithe.
An féidir leis an Aire a rá go mbeidh sé ar fáil, abair, go luath i 1976?
Mr. R. Burke
Mar is eol don Teachta, ní féidir liom geallúint mar sin a thúirt. Tá súil agam go mbeidh sé ar fáil go luath. Tá breis foirne á cur ar fáil againn agus ní dhéanfar aon mhoill ar an obair.
(Cur isteach.)
Mr. R. Burke
Brathann sé ar a lán rudaí. Tá mé ag déanamh mo dhíchill chun é a chur ar fáil.
An bhfuil an tAire chomh sásta sin faoin ngeallúint atá tugtha aige cheana féin agus a bhí nuair a thug sé í?
(Cur isteach.)