d'Aire na Gaeltachta cad é an dáta a ceadaíodh tionscal nua próiseála éisc i Ros a' Mhíl, Contae na Gaillimhe; agus cén uair a tógadh an mhonarcha.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal Próiseála Éisc.
I mí Eanáir seo caite thug mé cead do Ghaeltarra Éireann páirt a ghlacadh i gcomhthionscal nua próiseála agus pacála éisc i gceantar Ros an Mhíl. Tá tógáil na monarchan don tionscal sin ag dul chun cinn go maith cheana féin. Ar ndóigh, tá comhthionscal eile próiseála éisc bunaithe i Ros an Mhíl le tamall.
An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a innsint dúinn cé méid duine atá fostaithe ansin?
Nuair a beidh an tionscail faoi lánseol meastar go mbeidh fostaíocht ann do 43 duine, cúigear fhear agus 38 cailíní.
Ach i láthair na huaire cé méid duine atá fostaithe?
Níl an tionscal sin ach ag tosnú; níl sé fé lánseol fós.
Nach bhfuil seancheann ann?
Tá seancheann ann freisin.
An leathnú ar an seancheann atá i gceist?
Ní h-ea ach plean nua ar fad.
An bhfuil aon bhaint ag an seancomhlacht leis?
Níl a fios agam sin. Níl siad ag déanamh an rud céanna.
An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte á rá go mbeidh an seancheann agus an ceann nua ann ag an am céanna nó an mbeidh——
Beidh an dá cheann ann.
Ach ní bheidh siad ag obair as lámha a chéile.
(Cur isteach.)