Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 May 1976

Vol. 291 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre agus Céanna Chontae Chiarraí.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh (a) ar bhóithre agus (b) ar chéanna i gContae Chiarraí i 1975 agus 1976.

Tá an t-eolas i bhfoirm tábla agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an t-eolas faoi chaiteachas Roinn na Gaeltachta i nGaeltacht Chiarraí:

1976

Caiteachas

1975

(go dtí seo)

£

£

Ar bhóithre

18,785

15,011

Ar mhuiroibreacha

27,546

3,942

Maidir le bóithre, ní miste a lua gur ceadaíodh deontais dar luach £34,725 le déanaí.

Top
Share