Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Feb 1977

Vol. 296 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tógáil Aerstráicí.

25. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair atáthar ar intinn tosú leis an obair ar na haerstráicí in Acaill agus i mBéal a' Mhuirthid, Contae Mhaigh Eo.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann: go bhfuiltear ag súil go dtosófar ar an obair fhorbartha ar an aerstráice i mBéal a' Mhuirthead go luath; agus go bhfuil idirbheartaíocht ar siúl maidir leis an láithreán don aerstráice in Acaill agus nach féidir a rá go fóill cén uair a thosófar ar an obair.

Nuair adeir an tAire "go luath", an dtig leis dáta a thabhairt maidir leis an aerstráice i mBéal a' Mhuirthead?

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuiltear ag súil go dtosófar ar an obair fhorbartha go luath, go bhfuil ceisteanna maidir le teideal an láithreáin á chríochnú ag an dlíodóir faoi láthair agus díreach nuair a bheidh an teideal glanta tosnófar leis an obair. Sin mar a thuigimse an scéal.

An bhfuil airgead sna Meastacháin do Ghaeltarra Éireann i mbliana i gcóir na hoibre sin?

Cinnte. Níl aon cheist faoin airgead ar chor ar bith maidir leis an aerstáice i mBéal a' Mhuirthead. Tá an t-airgead ag Gaeltarra Éireann sna Meastacháin chun an obair sin a dhéanamh. Níl ann ach ceist amháin. Ní féidir le Gaeltarra Éireann tosnú leis an obair go dtí go mbeidh gach rud i dtaobh an teidil ceart.

An gceapfadh an tAire, agus é ag smaoineamh ar céard a thárla i nDún na nGall nach bhfuil sé ceart, b'fhéidir, bheith ag fógairt na n-aerstráicí seo go dtí go mbionn gach rud a bhaineann leo glanta aige?

Níl aon chosúlacht idir an láithreán i mBéal a' Mhuirthead agus na fadhbanna a bhí againn i nDún na nGall mar tá muintir na háite sásta agus aontaithe faoin aerstáice. Maidir le hAcaill tá idirbheartaíocht ar siúl maidir leis an láithreán agus an teideal.

An nglacfaidh an tAire nach bhfuil sé ceart bheith ag fógairt na rudaí seo go dtí go mbíonn gac rud glanta aige?

Cén fáth nach bhfuil sé ceart? Nach bhfuil sé ceart dom chomh maith le muintir aon áite atá ag lorg aon tógra agus atá mé sásta an tógra seo a cheadú má gheibhtear obair agus láithreán a chur ar fáil?

(Cur isteach.)

Top
Share