Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 1979

Vol. 311 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal d'Oileán Chléire.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phlean aige chun tionscail nua a bhunú ar Oileán Chléire nó ar na hoileáin timpeall.

Bíonn iarracht leanúnach á déanamh ag Gaeltarra Éireann chun tionscail a bhunú sna ceantair Ghaeltachta. Is é Cléire an t-aon oileán Gaeltachta amach ó chósta Chorcaí. Tuigim ó Ghaeltarra go bhfuil comhráite ar siúl d'fhonn fostaíocht bhreise a chur ar fáil ar an oileán sin.

An le déanaí a chuaigh Gaeltarra i mbun comhrátaí agus an gcuirfear breis fostaíochta ar fáil de bharr na gcomhrátaí sin.

I Mí na Nollag 1978 cheadaigh Gaeltarra tógra ó chonraitheoir talún a bhfuil i gceist aige beirt a fhostú agus tuigtear ó Ghaeltarra go bhfuil comhráití ar siúl le Comharchumann Chléire chun an gnó potaireachta tograchta atá ann cheana féin a fhorbairt agus fostaíocht a chur ar fáil do cheathrar agus go bhfuil comhráití ar siúl leis an gcomharchumann freisin chun Lamhcheird Chléire Teoranta a athbhunú agus fostaíocht a chur ar fáil do thriúr. Mar a thuigeann an Teachta tá deacrachtaí ar leith ag gabháil le tionscal a bhunú ar oileán den tsórt ar fud na tíre amach ón gcósta.

An bhfuil an tAire ábalta a rá go bhfuil Gaeltarra ag tabhairt geallúint d'Oileán Chléire go mbeidh an tionscal ann i gcónaí.

Tá íontas ormsa go labhraionn an Teachta Begley faoi gheallúintí. An duine a chuaigh roimh an Aire na Gaeltachta atá ann faoi láthair thug sé go leor geallúintí, níor comhlíon sé aon cheann acu agus ní cóir don Teachta bheith ag labhairt faoi gheallúintí.

(Interruptions.)

Ar mhaithe leis an nGaeltacht agus le muintir na Gaeltachta——

(Interruptions.)
Top
Share