Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 May 1979

Vol. 314 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Eireann.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an féidir leis a rá cén chúis nach raibh Gaeltarra Éireann in ann mionbhriseadh síos a dhéanamh ar chostais ilghnéitheacha £43,033 sa chuntas riaracháin agus forbartha don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 1977.

Is gnáthnós é go mbíonn teideal do chostais ilghnéitheacha i gcuntais agus, sa chuntas áirithe atá i gceist, tá níos lú ná 5 faoin gcéad de na costais uile faoin teideal sin agus tá 13 de theidil eile ann.

An bhfuil an tAire sásta leis an £43,000 do chostais ilghnéitheacha, go bhfuil sé sin sásúil? "Miscellaneous, £43,033", without any clear indication being given where the money has gone to. Is the Minister satisfied with that kind of accounting?

Is bord reachtúil é Ghaeltarra Éireann agus cuirtear a gcuntaisí faoi bhráid an Ard Reactaire Cúntais agus Ciste, agus táim sásta má tá an duine sin sásta leis na cuntaisí—is leor é sin domsa. San rud atá i gceist ag an Teachta, tá 13 de chinn-teidil agus más mian leis tabharfaidh mé na figiúiri dó ar an caoí atá siad briste anuas. Tá siad mar seo: costais éagsúla rannóg imshaoil, £4,560; costais aistriúcháin agus eile, £1,516; costais éagsúla rannóg na n-infheistíochta, £94; costais éagsúla oifig Ghaeltarra i mBaile Átha Cliath— páipearachas, cóipéail, costas cothabháil agus eile, £3,193; costais éagsúla rannóg phearsanra—riomhaireacht pá, comhdháil bhliantúil agus eile, £6,119; cáin bhreisluacha i dtaca leis na costais thuas, £1,182; cúrsaí Gaeilge, £1,346; comórtais idir-mhonarchanna, £3,990; forbairt no Gaeilge—bileogaí aifrinn, an comhairle shóisialta agus eile, £10,945; cúnamh don fhoireann is dtaca le bogadh go Gaillimh, £9,347; ciste shóisialta na hardoifige, £596.

An bhfuil a fhios ag an Aire na costais atá ag baint leis na cúrsaí Gaeilge?

Nil mé ro-chinnte ach faighfidh mé an t-eolas sin don Teachta agus cuirfidh mé chuige é.

20. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an féidir leis a rá conas mar a thárla ardú ó £3,758 i 1976 go £12,662 i 1977 ar chostais dlí sa chuntas ar chostais riaracháin agus forbartha Ghaeltarra Éireann don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 1977.

Ní mar an gcéanna ó bhliain go bliain na nithe lena mbaineann na costais sin. Mar shampla, bhi na costais níos airde sa bhliain 1975 freisin ná mar a bhí sa bhliain 1976. Tuigim chomh maith go raibh na costais sin i bhfad níos ísle i 1978 ná mar a bhí i 1977.

An féidir leis an Aire a rá cén fáth go raibh árdú £9,000 agus cé hiad na dlíodóiri a fuair an t-airgead?

Mar eolas don Teachta sa bhliain 1975 bhí siad £5,978; i 1976 bhí siad £3,728; i 1977, £12,072, agus i 1978, sílim gurb iad na figiúirí atá ann ná £7,230. Sílim go raibh fáth faoi leith leis na figiúirí sin, mar go raibh ceist dlí i dtaobh cúpla tionscail nach raibh ró-shásúil agus go bhféadfadh sé gurb shin an fáth go raibh na costais chomh hard sa bhliain 1977.

An bhféadfadh an tAire aon bhrisiú sios a dhéanamh ar an £9,000?

Ní fhéadfadh. Níl na figiúirí sin agam.

Cén fáth nach bhfuil an t-eolas sin ag an Aire? Nach raibh an t-eolas aige i dtaobh na ceisteanna eile?

Féadfar an t-eolas a fháil. Tagann na rudaí seo os comhair an Ard Chuntasóra agus má ghlacann sé leo is féidir linn a rá go bhfuil siad ceart. Má tá an Teachta ag iarraidh a chur ina leith nach bhfuil rudaí ceart anseo, tá sé de dhualgas ormsa na figiúirí sin a fháil dó le chintiú go bhfuil chuile shórt ceart.

Tá mé ag ceistiú an Aire faoin tslí a chaith Gaeltarra £9,000 breise, agus tá sé mar cheart agam mar Theachta Dála an t-eolas sin a chur os comhair na tíre.

Is féidir liom na figiúirí a fháil don Teachta. Tá mé cinnte go bhfuil siad le fáil. Ni fheicim cen fáth nach mbeadh.

Top
Share