Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 May 1979

Vol. 314 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dunadh Monarchana.

21. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeidh fiosrúchán poibli aige faoin tsli ar dúnadh Contek Teoranta.

Ní fíor a rá gur dúnadh an tionscal sin: is amhlaidh a glacadh le plean chun é a tharrtháil agus breis agus 100 duine a choinneáil ag obair ann.

Is the Minister now saying that Contek Teoranta is not with the liquidator?

Níl. Tá 105 duine ag obair i gContek ag an gCeathrú Rua i láthair na huaire. Scaoileadh chun bealaigh 72 agus síltear anois go ndéanfaidh an tionscail dul chun cinn níos fearr le laghdú na foirne, go raibh an iomarca daoine fostaithe ansin. Caitheadh go fial leis na daoine atá difhostaithe agus tá cursaí ag dul ar aghaidh níos fearr sa mhonarcha anois.

Cé mhéid scair chaipiteal a chuir Gaeltarra Éireann isteach i gContek?

Níl a fhios agam go baileach. Tá a fhios agam gur chuireamar airgead isteach ann nuair a bhíomar ag déanamh athbhreith ar chúrsai na monarchan sin. Ach má chuireann an Teachta ceist sios díreach faoi cé mhéid airgid a chuireamar isteach ann beidh mé sásta an t-eolas sin a thabhairt dó, ach níl sé agam anseo.

An bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéid deontas a fuair Contek Teoranta?

Níl a fhios agam. Níl sé sin sa cheist. Sé an cheist a d'fhiafraigh an Teachta ná an raibh sé ar intinn fiosrúchán poiblí a chur ar siúl faoi dhúnadh na monarchan sin. Níor chuir sé aon cheist faoin airgead nó an cuidiú a thug Gaeltarra don tionscal seo.

An bhfuil a fhios aige cé mhéid daoine a bhi dífhostaithe ar 31 Nollaig 1976 nó 1977?

Tá 105 ag obair ann anois agus difhostaíodh 72. Dá bhrí sin bheadh 177 ag obair ann ag deireadh na bliana 1976.

22. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid cuideachta a dúnadh a raibh (a) Gaeltarra páirteach iontú ó 1 Eanáir 1976 go dtí 10 Bealtaine 1979, (b) cé mhéid cuideachta de (a) a bhí ath-oscailte idir 1 Eanáir 1976 go dtí 10 Bealtaine 1979.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur mar seo a leanas a tharla an tréimhse a luaitear:

—tháinig deireadh le sé tionscal ina raibh scaireanna ag Gaeltarra agus

—cuireadh na monarchana ina raibh ceithre cinn de na tionscail sin ar fáil do thionscail eile.

An bhféadfadh an tAire a rá cé mhéid scair chaipitil a chuir Gaeltarra Éireann isteach sna monarchanna a dúnadh?

Nil na figiúirí sin agam.

Cén fáth?

Níor chuir an Teachta an cheist sin orm.

Níl scanradh air na figiúirí sin a thabhairt dom?

Níl scanradh ar bith orm. Cuireadh an Teachta an cheist sin síos.

Cuirfidh mé an cheist sin chugat an tseachtain seo chugainn.

Ní ceart bheith ag iarraidh ar Aire ar bith go mbeadh a fhios aige cé mhéid scaireanna no cé mhéid airgid a bheadh i gcomhlacht ar bith faoina chúram.

(Cur isteach.)

Top
Share