Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Mar 1980

Vol. 318 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Mhná Tí na Gaeltachta.

21. D'fhiafraigh

d' Aire na Gaeltachta an bhfuil sí chun níos mó airgid a thabhairt do mhná tí na Gaeltachta i gcóir scoláirí a choinneáil do choláistí samhraidh i mbliana.

Chuir mé scéal chuig na mná tí ar an 19 Feabhra go raibh méadú £2.40 á thabhairt agam do thréimhse 24 lá. Ar ndóigh, bíonn airgead le fáil acu ó lucht na gcoláistí chomh maith.

An bhfuil an tAire i ndáiríre? Nach n-aontaíonn sí nach bhfuil sí ag tabhairt ach 10p sa ló i gcóir gach páiste?

Ba mhaith liom ardú i bhfad níos mó a thabhairt ach caithfidh mé coinneáil taobh istigh den méid atá ag mo Roinn le haghaidh na bliana. Ní féidir liom i gcoinsias ardú níos mó a thabhairt. Is féidir leis na mná tí ardú breise a fháil ó lucht na gcoláistí.

Bhfuil an tAire ag rá anois go bhfuil brabús níos mó ag na comharchumainn, na daoine atá i mbun na gcoláistí, agus gur féidir leo i bhfad níos mó airgid a thabhairt do na mná ti?

Tá sé riachtanach go gtabharfaidís ardú i mbliana seachas a bhfuair na mná tí anuraidh. Tá mé cinnte nach mbeadh siad ag freastal ar choláistí Gaeilge ná cúrsaí samhraidh muna raibh siad brabach.

An ndéanfaidh an Aire ath-smaoineamh ar an cheist. An 10p sa ló—it would not buy lollypops for the children.

Top
Share