Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 May 1982

Vol. 334 No. 7

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

237.

asked the Minister for the Gaeltacht the reason he has decided to scrap the proposed inquiry into the affairs of Údarás na Gaeltachta; if, in view of the serious criticisms levelled against the Údarás by public representatives of all parties, the media and other interested bodies and the fact that the Údarás staff have themselves gone on record as requesting that the inquiry proceed, he will now reconsider his decision; if the Fraud Squad are investigating certain Údarás enterprises; if so, the companies involved; how much money the Údarás are expected to lose this year; and the total losses incurred by Údarás sponsored firms from the beginning of 1977 to the end of 1981.

238.

asked the Minister for the Gaeltacht if the Government have received a preliminary report from the Fraud Squad on their investigations into a number of Údarás na Gaeltachta companies.

239.

asked the Minister for the Gaeltacht if the Government have received a report from the Fraud Squad in relation to investigations into the activities of Údarás na Gaeltachta; and if he will make a statement on the matter.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna 237, 238 agus 239 le chéile.

Chun leas na Gaeltachta a chur chun cinn ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir go bhfuil obair an-deacair le déanamh agus fadhbanna móra le réiteach ag Údarás na Gaeltachta agus gur cúnamh agus tacaíocht a bhíonn ag teastáil ón Udarás. Tá sé mar phríomhaidhm agamsa go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir chun fostaíocht shochrach a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta. Ní dóigh liom, áfach, gur féidir bheith ag súil go n-éireoidh go maith le gach uile thionscal lena gcabhróidh an tUdarás ach, ag an am céanna, níor mhaith liom go dteipfeadh ar mhórán acu. Is fíor — mar a fhoilsítear i dtuarascálacha agus i gcuntais an Údaráis — nár éirigh le roinnt tionscal agus gur beag an toradh atá fágtha ar airgead poiblí a caitheadh orthu. Ach ní ionann é sin agus a rá nach raibh an tÚdarás — agus Gaeltarra Éireann roimhe — tar éis a ndícheall a dhéanamh chun tionscail mhaithe a roghnú agus a fhorbairt: ní foláir an cor a tháinig ar chúrsaí eacnamaíochta a chur san áireamh — an cúlú a tharla ar fud an domhain agus an tslí inar theip ar thionscail a bhí bunaithe leis na blianta fada sa tír seo agus i dtíortha eile.

Ritheann ceist liom féin: an amhlaidh atá dream éigin ag iarraidh dochar a dhéanamh don Udarás d'aonghnó? Tá rud amháin cinnte agus is é sin nach cabhair ar bith don Údarás ná don Ghaeltacht go mbeadh ráflaí á scaipeadh agus drochphoiblíocht á cothú: is rudaí iad sin a chuireann lagmhisneach ar an eagraíocht agus a dhéanann an obair níos deacra fós. Ar an taobh eile den scéal, má tá fianaise ag aon Teachta nó aon duine eile gur tharla caimiléireacht de chineál ar bith, iarraim air an fhianaise a bhreacadh síos, a shíniú agus a chur chugam: tig liom a gheallúint go bhféachfaidh mé chuige go scrúdófar aon fhianaise mar sin go fíorchúramach agus go ndéanfar aon ní is gá chun cúrsaí a chur ina gceart.

Is é mo thuairimse gur fiú an cúlra ginearálta sin a léiriú sula ndíreoidh mé ar na pointí áirithe atá sna Ceisteanna:

Tá an chéad chuid de Cheist a 237 bunaithe ar mhíthuiscint mar níl stop curtha agamsa le haon fhiosrúchán maidir le cúrsaí Údarás na Gaeltachta: is amhlaidh nach bhfuil aon ní déanta chun tús a chur leis an bhfiosrúchán a luadh anseo sa Dáil ar an 26 Eanáir agus nach léir domsa go dtí seo go bhfuil gá lena leithéid. Ar an ócáid sin dúirt an t-iar-Aire gur tháinig an t-iarRialtas ar chinneadh áirithe ar an 8 Nollaig seo caite: ach, chomh fada agus is féidir liomsa a dhéanamh amach, ní raibh sa chinneadh sin ach go rachadh sé féin agus an tAire Airgeadais i gcomhairle lena chéile agus go dtiocfaidís arais go dtí an Rialtas arís; agus, nuair a ceapadh mise mar Aire, ní raibh dréacht fiú amháin de théarmaí tagartha ar fáil.

Tá fiafraithe á ndéanamh ag an nGarda Síochána maidir le litir a fuair an t-iar-Aire agus a thug sé os comhair an Rialtais ar an 23 Feabhra: níl toradh ar na fiafraithe sin fós ná ní cóir domsa aon ní dá raibh sa litir a lua ag an bpointe seo.

I gcás an Údaráis is caiteachas forbartha a bhíonn á sheasamh agus ní bhíonn trádáil ar siúl. Foilsítear na híocaíochtaí le gach cuideachta i dtuarascálacha agus i gcuntais an Údaráis agus léirítear freisin infheistíochtaí a bhíonn díscríofa.

Is i gcuideachtaí príobháideacha a bhíonn scaireanna ag an Údarás agus ní fhoilsítear a dtorthaí trádála.

Top
Share